Faisnéis Chorparáideach

Cairt Custaiméirí

Tá an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) tiomanta do sheirbhís ghairmiúil, éifeachtach agus chúirtéiseach a sholáthar dá chustaiméirí.

Beidh fáil orainn chun glaonna a fhreagairt le linn gnáthuaireanta oibre, Luan-Déardaoin idir 9.30 am agus 1 pm agus 2 pm go 5 pm (4.00 pm ar an Aoine). Soláthraímid seirbhís teachtaireachtaí éifeachtach do chustaiméirí agus do pháirtithe leasmhara a dhéanann teagmháil leis an FTO lasmuigh d’uaireanta oifige agus ag an deireadh seachtaine.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin ár gCairt Chustaiméirí, cliceáil anseo.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin ár gCairt Chustaiméirí, cliceáil anseo le do thoil.

Saoráil Faisnéise

Baineann roinnt cearta dlíthiúla tábhachtacha leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 (an tAcht SF) dóibh siúd atá ag lorg rochtana ar fhaisnéis oifigiúil.

Cearta reachtúla faoin Acht um Shaoráil Faisnéise:

  • Ceart dlíthiúil ag gach duine rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí
  • Ceart dlíthiúil ag gach duine faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi féin a leasú i gcás ina bhfuil sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
  • Ceart dlíthiúil cúiseanna a thabhairt dóibh maidir le cinntí a théann i bhfeidhm orthu

Tá an tAcht SF ceaptha chun rochtain phoiblí a cheadú ar fhaisnéis atá i seilbh an FTO nach bhfuil ar fáil mar ghnáthnós trí fhoinsí eile. Tá rochtain ar fhaisnéis faoin Acht um SF faoi réir díolúintí áirithe agus tá nósanna imeachta agus teorainneacha ama sonracha bainteach leis.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi SF, cliceáil anseo.

Cód Iompair do Bhord agus d’Fhoireann an FTO

Leagtar síos sa Chód Iompair do Bhord agus d’Fhoireann an FTO na prionsabail agus na caighdeáin ghinearálta, a rialaíonn gníomhaíochtaí agus iompar gairmiúil chomhaltaí an Bhoird, an POF agus foireann an Fhorais, dá réir sin comhlíontar na ceanglais maidir le hionracas, dílseacht, rúndacht agus cothroime mar aon le hardleibhéal muiníne poiblí san eagraíocht mar chomhlacht poiblí agus mar fhostóir. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gCód Iompair, cliceáil anseo.

Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú

Tá freagracht ar gach comhlacht poiblí in Éirinn cothromas a chur chun cinn, leithcheal a chosc agus cearta daonna a bhfostaithe, a gcustaiméirí, a n-úsáideoirí seirbhíse agus gach duine a mbíonn tionchar ag a mbeartais agus a bpleananna orthu a chosaint. Is oibleagáid dhlíthiúil í seo, ar a dtugtar Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, a d’eascair as Alt 42 d’Acht na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014.

At all times, the ERC seeks to foster a supportive, inclusive, and respectful environment where employees and stakeholders are treated with dignity and fairness. We have a zero-tolerance approach to discrimination, harassment, bullying and disrespectful behaviour.

I gcónaí, féachann an FTO le timpeallacht thacúil, chuimsitheach agus measúil a chothú ina gcaitear le fostaithe agus le páirtithe leasmhara le dínit agus le cothroime. Tá cur chuige againn nach nglactar beag ná mór le hidirdhealú, ciapadh, bulaíocht ná iompar dímheasúil.

Bhain an FTO Gradam Cré-Umha Infheisteoirí san Éagsúlacht amach le déanaí leis an Ionad um Éagsúlacht na hÉireann. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin mBeartas um Chomhionannas, Meas agus Dínit san Ionad Oibre, cliceáil anseo.

About ERC

Tuairisciú ar an mBearna Phá idir na hInscní

Is é an bhearna pá inscne an difríocht i meánphá fir agus mná in aghaidh na huaire ar fud an bhfórsa saothair. Éilíonn An tAcht um Fhaisnéis faoin mBearna Phá 2021 ar eagraíochtaí tuairisciú a dhéanamh ar a mbearna pá inscne in aghaidh na huaire thar raon meadarachtaí.

Iarrtar ar eagraíochtaí a bhfuil os cionn 50 fostaí acu tuairisc a sholáthar ar a mbearna pá inscne den chéad uair in 2025.

Tá fáil thíos ar thuarascálacha an FTO ar BPI.

Oifigeach Inrochtaineachta & Rochtana

Tá sé mar aidhm ag an FTO a chinntiú go gcomhlíontar riachtanais a chustaiméirí uile, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus go gcomhlíontar cearta maidir le cóir chomhionann agus sinn ag seachadadh ár seirbhísí.

Forálann an tAcht um Míchumas 2005 (irishstatutebook.ie) bunús reachtúil maidir le seirbhísí poiblí a dhéanamh inrochtana. Le hAilt 25, 26, 27 agus 28 den Acht, cuirtear oibleagáidí ar chomhlachtaí poiblí a bhfoirgnimh phoiblí, a seirbhísí agus a bhfaisnéis a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

Ceaptar Oifigigh Rochtana de réir alt 26(2) den Acht um Míchumas 2005. Tá Oifigigh Rochtana freagrach as cúnamh agus treoir a sholáthar nó a shocrú, agus a chomhordú, do dhaoine faoi mhíchumas atá ag rochtain seirbhísí a chuirtear ar fáil agus gníomhú i gcoitinne mar phointe teagmhála do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo rochtain a fháil ar na seirbhísí sin.

Mura féidir leat rochtain iomlán a fháil ar aon fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo, má theastaíonn cabhair uait chun faisnéis agus seirbhísí an FTO a úsáid nó má theastaíonn uait teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Rochtana maidir le rochtain ar ár bhfoirgneamh, déan teagmháil leis an Oifigeach Rochtana mar atá sna sonraí thíos.

Sonraí teagmhála an Oifigigh Rochtana:
Niamh Goucher, Bainisteoir AD
Ríomhphost: access.officer@erc.ie
Fón: (01) 837 37 89 / 01 806 5240

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin mbeartas inrochtaineachta, cliceáil anseo.

Scéim na Gaeilge

Forálann Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, go n-ullmhóidh comhlacht poiblí Scéim Reachtúil ina sonraítear na seirbhísí a bheartaíonn sé a sholáthar:

  • trí mheán na Gaeilge
  • trí mheán an Bhéarla
  • trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon

Leagtar amach i Scéim Ghaeilge an FTO na bearta atá le glacadh chun a chinntiú go gcuirfear aon seirbhísí nach bhfuil ar fáil trí mheán na Gaeilge ar fáil laistigh de thréimhse ama comhaontaithe. Is féidir Scéim na Gaeilge a léamh anseo:

Má tá aon cheist agat faoin Scéim na Gaeilge nó más mian leat teagmháil a dhéanamh linn, is féidir leat é sin a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig gaeilge@erc.ie