Treochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta agus Eolaíochta (TIMSS)

Is tionscadal de chuid an Chumann Idirnáisiúnta um Mheasúnú Gnóthachtála Oideachais (IEA) é TIMSS (Treochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta Matamaitice agus Eolaíochta). I ngach tír rannpháirteach, bainistíonn Ionad Taighde Náisiúnta an staidéar. In Éirinn, comhlíonann an Foras Taighde ar Oideachas an ról seo. Tacaíonn Coiste Comhairleach Náisiúnta, faoi chathaoirleacht na Roinne Oideachais, agus le hionadaithe ó pháirtithe leasmhara oideachais agus saineolaithe ábhair leis an FTO san obair seo.

Is measúnú digiteach é TIMSS a dhéanann measúnú ar ghnóthachtáil daltaí sa Cheathrú agus san Ochtú grád go hidirnáisiúnta sa mhatamaitic agus san eolaíocht, ionann agus Rang a Ceathair agus an Dara Bliain in Éirinn. Cuireadh TIMSS i bhfeidhm gach ceithre bliana ó 1995 i leith. Tá Éire páirteach i dtimthriallta 1995, 2011, 2015, 2019, 2023, agus 2027.

Tá sé mar phríomhchuspóir ag TIMSS faisnéis a sholáthar ar féidir a úsáid chun an teagasc agus an fhoghlaim a fheabhsú. Bailíonn an staidéar faisnéis mhionsonraithe faoi ‎churaclam, cleachtais teagaisc, agus acmhainní scoile. Tá an ‎measúnú bunaithe ar chreatlacha measúnaithe cuimsitheacha, arna bhforbairt i gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, a shonraíonn an t-eolas, na scileanna, agus an tuiscint atá le measúnú.‎‎

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh sonraí faoi TIMSS, lena n-áirítear an Creat Measúnaithe iomlán agus tuarascálacha idirnáisiúnta. Arrow
image

Staidéar TIMSS 2027 in Éirinn

Tá Éire ar cheann de thart ar 65 tír atá rannpháirteach i TIMSS 2027. Reáchtálfar Príomhstaidéar TIMSS 2027 in earrach na bliana 2027 le samplaí, a roghnaíodh go randamach agus atá ionadaíoch go náisiúnta, de thart ar 150 bunscoil agus 150 iar-bhunscoil.

Iarrtar ar dhaltaí atá rannpháirteach i TIMSS triail ríomhaire-bhunaithe ar mhatamaitic agus eolaíocht a chomhlánú. Tar éis na tástála, tugtar ceistneoir do dhaltaí ina gcuirtear roinnt ceisteanna orthu fúthu féin, a dtuairimí maidir leis an scoil, agus a dtuairimí faoin matamaitic agus faoin eolaíocht.

Tá sé mar aidhm ag TIMSS freisin faisnéis chúlra fhiúntach a bhailiú ó fhoinsí eile chun léargas níos fearr a fháil ar chóras oideachais na hÉireann. Iarrtar freisin ar phríomhoidí, múinteoirí agus tuismitheoirí/caomhnóirí na mac léinn a ghlacann páirt in TIMSS ceistneoirí a chomhlánú. Tá an fhaisnéis a bhailítear trí na ceistneoirí seo luachmhar chun torthaí an mheasúnaithe a léirmhíniú, agus chun léargas soiléir a thabhairt ar thaithí oideachais na ndaltaí.

Sonraí Teagmhála

Seoladh poist:
TIMSS
An Foras Taighde ar Oideachas
Campas Choláiste Phádraig
Droim Conrach
Baile Átha Cliath 9
D09 AN2F

Ríomhphost: timss.ireland@erc.ie

Fón:

  • 01 9144 525 (Gráinne McHugh – Comhordaitheoir Taighde Náisiúnta do Rang a Ceathair)
  • 01 9144 537 (Sylvia Denner – Comhordaitheoir Taighde Náisiúnta do Bhliain a Dó)

RGCS

Chomh maith le gnóthachtáil daltaí a thomhas sa mhatamaitic agus san eolaíocht, bailíonn TIMSS faisnéis chomhthéacsúil trí cheistneoirí a chomhlánaíonn daltaí, tuismitheoirí/ caomhnóirí, múinteoirí agus príomhoidí. Úsáidtear an fhaisnéis a bhailítear trí na ceistneoirí seo chun léargas níos iomláine a sholáthar ar thaithí na ndaltaí i gcóras oideachais na hÉireann.

Tá tuilleadh eolais faoin gcaoi a phróiseáiltear na sonraí do gach ceistneoir (lena n-áirítear sonraí maidir le rúndacht agus coinneáil sonraí) ar fáil sna naisc thíos.

An Coiste Comhairleach Náisiúnta (TIMSS Rang a Ceathair)

Ainm
Aedín Ní Thuathail LPÉ
Aidan Clerkin ERC
Áine Lynch Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí – Bunscoil
Cormac Ó Tuairisg Gaeloideachas
Eddie Fox Oideachas le Chéile
Gráinne McHugh ERC
Máirín Ní Chéileachair LPÉ
Maria McGrath ROÓ An Chigireacht, Cathaoirleach
Mark Bohan ROÓ An tAonad um Beartas Curaclaim agus Measúnaithe
Maeve Price ROÓ An tAonad um Chuimsiú Sóisialta
Patrick Sullivan CNCM
Shane Leonard Oide
Susan Grotewold ROÓ An tAonad um Beartas Curaclaim agus Measúnaithe

Coiste Comhairleach Náisiúnta (TIMSS An Dara Bliain)

Ainm
Aidan Clerkin ERC
Anne O’Dwyer Coláiste Mhuire Gan Smál
Elizabeth Smith ROÓ
Gerry Hyde CSS
Kathy O’Sullivan Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Linda Ramsbottom ROÓ, Cathaoirleach
Liz O’Neill ROÓ
Mark Bohan ROÓ
Niamh O’Meara Ollscoil Luimnigh
Oliver McGarr Ollscoil Luimnigh
Páraic Treacy Coláiste Mhuire Gan Smál
Rachel Linney CNCM
Paul Behan CNCM
Ryan Gallagher UCC
Sylvia Denner ERC