Athfhorbairt ar Thrialacha Luathlitearthachta agus Luathuimhearthachta Dhroim Conrach

Tá an Foras Taighde ar Oideachas (FTO), ar iarratas ón Roinn Oideachais agus Óige, ag déanamh athfhorbairt ar na trialacha luathlitearthachta agus luathuimhearthachta a úsáidtear ag deireadh na Naíonán Mór agus/nó ag tús Rang a hAon. Is é cuspóir na dtrialacha seo ná daltaí le deacrachtaí litearthachta agus/nó uimhearthachta a aithint (ag baint úsáid as leabhrán trialach a riartar i ngrúpaí) agus na gnéithe áirithe litearthachta/uimhearthachta a chruthaíonn dúshláin ar leith a phróifíliú (tríd agallamh aonair a riar le daltaí atá tar éis scóir ísle a bhaint amach sna leabhráin ghrúpa-riartha). Nuair a bhfoilseofar iad, rachaidh na trialacha nua in áit na dTrialacha reatha Luathliteartachta (DTEL) agus Luathuimhearthacta (DTEN) Dhroim Conrach.

Roghnaíodh do scoil mar chuid de shampla náisiúnta a chuimsíonn ionadaíocht chuí ar dhaltaí i gcineálacha éagsúla suíomhanna scoile (m.sh. Gaelscoileanna, scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla, scoileanna DEIS agus neamh-DEIS, measctha agus aonghnéas). Tá sé tábhachtach triail a bhaint as na trialacha le sampla cuimsitheach ó raon leathan comhthéacsanna. Táimid faoi chomaoin ag múinteoirí, ceannairí scoile, foirne coimhdeacha, agus ag na daltaí féin sna scoileanna rannpháirteacha as a gcuid ama agus ionchuir agus oibreoimid libh chun cinntiú gur eispéireas dearfach a bheidh ann do chách. Ní bheidh sé de dhíth ar fhoireann na scoile trialacha ar bith, idir phíolótú agus bhailíochtú, a cheartú – déanfaidh an FTO an ceartúchán agus cuirfear na torthaí ón mbailíochtú ar fáil don scoil.

Faoi láthair, táimid i mbun an staidéir bhailíochtaithe a dhéanamh ar na leabhráin ghrúpa nua agus an staidéar phíolótacha a dhéanamh ar na hagallaimh aonair nua.

Déanann an próiseas bailíochtaithe deimhniú ar éifeachtacht agus oiriúnacht na dtrialacha agus úsáidtear na torthaí, a bhailítear le linn an phróisis, chun scoithphointí cuí a aimsiú. Úsáidfear na scoithphointí amach anseo le daltaí a d’fhéadfadh deacrachtaí litearthachta/uimhearthachta a bheith acu a aithint. Toisc go bhfuil na trialacha ag céim bhailíochtaithe agus go mbeidh an t-ábhar iontu críochnaithe, soláthrófar torthaí aonair do na daltaí a ghlacann páirt. Tá seans ann go ndéanfar suirbhé ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí maidir leis na trialacha atá á mbailíochtú, rud a chabhróidh leis an FTO breiseolas faoi thaithí agus déimeagrafaic na ndaltaí a bhailiú.

Beidh seans ag múinteoirí a gcuid aiseolais maidir leis na hagallaimh aonair atá á bpíolótú a roinnt. Cabhróidh sé seo le hábhair dheiridh a fhorbairt.

Ceisteanna Coitianta

Cén fáth a bhfuil an DTEL agus an DTEN á n-athfhorbairt?

Arrow

Tá trialacha reatha luathlitearthachta (DTEL) agus luathuimhearthachta (DTEN) an FTO thart ar 15 bliana d’aois anois. De ghnáth éiríonn trialacha níos éasca dá fhad a bhíonn siad in úsáid, de réir mar a théann daltaí i dtaithí ar an ábhar. Is eol dúinn freisin, ó forbraíodh na trialacha reatha, go bhfuil ardú tagtha ar an meán-aois ag a dtosaíonn leanaí ar scoil. Sa bhreis air sin, tá feabhas i gcoitinne tagtha ar chaighdeáin litearthachta agus uimhearthachta i mbunscoileanna na hÉireann. Agus na fíricí seo á gcur le chéile, is dócha nach bhfuil na trialacha atá ar fáil faoi láthair, a úsáideann daonra roimhe seo mar phointe tagartha, ag aithint anois na daltaí go léir ar chóir a thabhairt faoi deara mar leanaí go bhféadfadh baol deacrachtaí litearthachta/uimhearthachta a bheith acu.

Rinne an FTO suirbhé ar mhúinteoirí a raibh úsáid bainte acu as na trialacha reatha. Cé go raibh an t-aiseolas dearfach ar an iomlán, d’aithin múinteoirí roinnt riachtanas agus mianta do leagan na dtrialacha a bhfuil á ghlacadh againn.

Tá súil againn go ndéanfaidh na trialacha nua na rudaí seo a leanas:

  • Pointí tagartha suas chun dáta a chur ar fáil trí scileanna na ndaltaí a chur i gcomparáid lena bpiaraí comhaimseartha.
  • Leaganacha de na trialacha a chur ar fáil as Béarla agus as Gaeilge (roimhe seo, leaganacha Béarla amháin a bhí ar fáil).
  • Leaganacha comhthreomhara de na leabhráin a chur ar fáil, le cóipeáil a laghdú agus le hath-thástáil a éascú más gá.
  • Sonraíochtaí curaclaim reatha a léiriú, mar seo a leanas:
    • Tagann na trialacha litearthachta le sonraí Churaclam Teanga na Bunscoile 2019/2025
    • Tagann na trialacha uimhearthachta leis an meon bríomhar, spraíúil agus tarraingteach maidir leis an matamaitic a cuireadh béim air i gCuraclam Matamaitice na Bunscoile 2023 agus cuimsíonn siad gnéithe ó Churaclam Matamaitice na Bunscoile 1999 atá fós ábhartha i seomra ranga an lae inniu.
      Tosaíocht a thabhairt do rannpháirtíocht agus taitneamh na ndaltaí, le híomhánna agus comhthéacsanna atá tarraingteach, ábhartha agus a léiríonn éagsúlacht sheomraí ranga na hÉireann mar atá sa lá inniu.

Tosaíocht a thabhairt do rannpháirtíocht agus taitneamh na ndaltaí, le híomhánna agus comhthéacsanna atá tarraingteach, ábhartha agus a léiríonn éagsúlacht sheomraí ranga na hÉireann mar atá sa lá inniu.

Cén fáth ar iarradh ar mo scoil páirt a ghlacadh sa thionscadal?

Arrow

Chun eolas iontaofa a fháil faoi na míreanna, ní mór dúinn líon suntasach leanaí a bheith ar fáil chun freagairt do gach ceist (mír). Lena chinntiú go n-oibríonn na míreanna ar an mbealach céanna thar chomhthéacsanna éagsúla, ní mór dúinn a chinntiú freisin go bhfuil na leanaí seo ionadaíoch go cuí ar an spriocdhaonra.

Agus na rudaí seo san áireamh, tarraingíodh sampla randamach de 150 scoil (75 scoil lán-Ghaeilge agus 75 scoil Bhéarla), do scoil san áireamh. Mar aon le meán teagaisc, cuireann an sampla san áireamh tréithe ag leibhéal na scoile lena n-áirítear stádas DEIS, inscne, méid na scoile, agus (do na scoileanna lán-Ghaeilge) cibé an bhfuil scoil lonnaithe i gceantar Gaeltachta nó an scoil lán-Ghaeilge í. Tá dáileadh geografach leathan ag an sampla freisin, agus tá formhór na gcontaetha in Éirinn san áireamh.

Tá súil againn go nglacfaidh do scoil páirt sa staidéar mar braitheann bailíocht na sonraí i bpáirt ar ionadaíochas an tsampla leanaí a dhéanfaidh an triail.

Ghlac mo scoil páirt i staidéar píolótach do na trialach seo cheana. Cén fáth gur roghnaíodh arís muid?

Arrow

Déanann an FTO gach iarracht scoileanna atá tar éis páirt a ghlacadh i staidéar píolótach cheana a sheachaint i rith aon phróiseas samplála eile a ghabhann leis an togra. Toisc go mbíonn sé de dhualgas ag an FTO na trialacha seo a bhailíochtú le sampla leathan ionadaíoch daltaí i ngach cineál oideachais trí mheán na Gaeilge (agus ní hé seo an mórghrúpa samplála is mó atá ann, faraor) ní raibh an dara rogha againn ach cúpla scoil a raibh rannpháirteach cheana a athshampláil.

Táimid thar a bheith buíoch de na scoileanna a bhí rannpháirteach sa chéad staidéar píolótach as ucht a gcuid cabhrach, agus táimid faoi fhíorchomaoin ag na scoileanna atá sampláilte arís don chéim seo. Má tá ábhar imní nó ceisteanna ar bith faoin rannpháirtíocht again, téigh i dteagmháil linn trí ríomhphost nó ar an nguthán le de thoil.

Cén tairbhe atá le baint as páirt a ghlacadh?

Arrow

Is é an aidhm atá ag an FTO ná trialacha ar ardchaighdeán a fhreastalaíonn ar riachtanais daltaí, múinteoirí, agus an pobal scoile a chur ar fáil. Trí pháirt a ghlacadh sa staidéar seo, beidh do scoil ag cur le trialacha feabhsaithe, suas chun dáta, cabhracha a fhorbairt a bheidh ar fáil do scoileanna ar fud na hÉireann.

Táimid buíoch as flaithiúlacht na scoileanna a ghlacann páirt inár dtionscadail, go háirithe toisc nach mbeidh torthaí aonair ar fáil do gach céim den mheasúnú. Tá an-áthas orainn na comharthaí buíochais seo a leanas a thairiscint do gach scoil rannpháirteach:

  • Dearbhán One4All a bhfuil luach €80 air (cuirfear an dearbhán ar fáil i bpéire tráthchodanna: Fómhar 2026 agus Fómhar 2027)
  • Trialacha Léitheoireachta agus Matamaitice Dhroim Conrach saor in aisce do na daltaí sampláilte ó Rang a hAon le riar ag deireadh Rang a hAon (Earrach 2027). Ní bheidh sé de dhíth ar mhúinteoirí na trialacha seo a cheartú, déanfaidh an FTO scóráil agus tuairisciú saor in aisce orthu.
  • Beidh áthas orainn freisin leabhráin nua an ghrúpa don luathlitearthacht agus don luathuimhearthacht a thairiscint saor in aisce don scoil nuair a bheidh an togra seo curtha i gcrích againn (2028 a shíltear). Beidh an líon leabhrán a gheobhaidh an scoil i ngach ábhar comhionann le líon na ndaltaí i do scoil a shamplálfar.

Mar shampla, má shamplálfar Rang a hAon i do scoil agus tá 20 dalta ann, gheobhaidh tú 20 leabhrán luathuimhearthachta agus 20 leabhrán luathlitearthachta nuair a bhfoilseofar iad i 2028, chomh maith le 20 leabhrán don Triail Nua Mhatamaitice Dhroim Conrach do Bhunscoileanna agus 20 leabhrán don Triail Ghaeilge Dhroim Conrach do Bhunscoileanna don scoilbhliain 2026-27.

Cad atá i gceist le ról an teagmhálaí scoile?

Arrow

Is ball d’fhoireann na scoile an teagmhálaí scoile a bhíonn i dteagmháil leis an FTO faoin treoirstaidéar. Beidh na nithe seo a leanas i gceist lena ról:

  • Liosta na ndaltaí sa rang/sna ranganna samplála a sholáthar
  • Breathnú ar sheimineár gréasáin ar líne faoi na trialacha nua agus conas iad a riar, agus an fhoghlaim a roinnt le comhghleacaithe de réir mar is gá
  • Ábhair tástála a fháil ón FTO, iad a sheiceáil, agus iad a stóráil go slán
  • Litreacha a chuireann an FTO ar fáil a dháileadh ar thuismitheoirí/chaomhnóirí, aon duillíní aistarraingthe a bhailiú, agus an FTO a chur ar an eolas faoi aistarraingtí
  • Riar na dtrialacha (leabhrán grúpa agus agallamh aonair) a phleanáil agus a chomhordú
  • Nuair a chomhaontaítear é le scoileanna áirithe, cuairteanna FTO a éascú chun breathnú ar thástáil agus chun aiseolas faoi na trialacha a bhailiú ó leanaí agus ó mhúinteoirí
  • Na hábhair tástála go léir a bhailiú agus iad a chur ar ais chuig an FTO ag baint úsáide as an lipéad postais a soláthraíodh
  • A bheith i dteagmháil leis an FTO i rith an ama de réir mar a eascraíonn ceisteanna do cheachtar páirtí.

Céard é an difear idir staidéar píolótach agus staidéar bailíochtaithe?

Arrow

Faoi láthair, táimid i mbun an staidéir bhailíochtaithe a dhéanamh ar na leabhráin ghrúpa nua agus an staidéar phíolótacha a dhéanamh ar na hagallaimh aonair nua.

Is é príomhchuspóir treoirstaidéir a sheiceáil cibé an oibríonn míreanna tástála (ceisteanna) go maith. Mar shampla, an gcabhraíonn gach mír thrialach linn daltaí atá i mbaol deacrachtaí a aithint? An dtugann siad eolas do mhúinteoirí maidir le cumas an dalta nó bearnaí i dtuiscint an dalta? An bhfreagraíonn na daltaí na ceisteanna i slite nach rabhthas ag súil leo? An mbíonn grúpaí difriúla leanaí ag idirghníomhú go héagsúil leis na míreanna – mar shampla, an bhfuil míreanna áirithe ann a thugann buntáiste díréireach do chailíní thar bhuachaillí nó a mhalairt?

De ghnáth, ní oibríonn roinnt áirithe míreanna tástála ar an mbealach a bhí i gceist. Dá bhrí sin, déanaimid níos mó ábhar a thriail ná mar a bheidh de dhíth orainn ionas gur féidir linn na míreanna is lú atá úsáideach a scrios.
I ndiaidh an staidéir phíolótaigh, déantar anailís ar na freagraí agus lorgaítear aiseolas ó mhúinteoirí, saineolaithe agus páistí (de réir mar is cuí). Bunaithe ar an eolas seo, déantar roinnt athruithe agus roghnaítear na míreanna is fearr chun an triail dheiridh a chruthú. Ansin déantar an staidéar bailíochtaithe chun cinntiú a) go bhfeidhmíonn na míreanna trialach agus na feabhsaithe nua mar ba chóir agus b) go bhfuil an leibhéal deacrachta oiriúnach don triail ag an spriocleibhéal ranga.
I staidéar bailíochtaithe, úsáidtear sampla ionadaíoch náisiúnta ionas go gcuimsíonn torthaí an staidéir inniúlacht agus taithí na ndaltaí ar fud fad na hÉireann. Déanfaidh an FTO, le hionchur ó saineolaithe luathlitearthachta agus luathuimhearthachta, réimse scórtha a léireodh deacrachtaí sa litearthacht agus/nó san uimhearthacht a chinntiú.

Cad atá i gceist le riar na dtrialacha?

Arrow

Leabhrán Grúpa – le riar ar ghrúpaí beaga daltaí (8 nó níos lú)

Tá dhá chuid sna leabhráin thrialach (meastar gur thart ar 20 nóiméad an t-am riaracháin do gach cuid). Is féidir na codanna a riar ar an lá céanna, le sos 15 nóiméad ar a laghad. Is féidir leis an sos a bheith níos faide, ag brath ar chomhthéacs an tseomra ranga. Mar mhalairt air sin, is féidir an dá chuid a riar dhá lá i ndiaidh a chéile.

Agallamh Aonair – a riartar ina n-aonar (do dhaltaí áirithe amháin)

Meastar gur thart ar 30-40 nóiméad a thógfaidh sé an t-agallamh aonair a riar. Is féidir é a thabhairt le sosanna breise nó thar roinnt laethanta más fearr (m.sh. má bhíonn deacracht ag an leanbh aird a choinneáil).

Céard é an t-amlíne don tionscadal seo?

Arrow

Tharla an treoirstaidéir i 2024-2025, agus i ndiaidh sin rinneadh ábhar na dtrialacha a bheachtú bunaithe ar mhíreanna staitisticí agus ar aiseolas ó dhaltaí agus ó mhúinteoirí. Anois tá staidéar bailíochtaithe níos mó á dhéanamh againn ina mbeidh na hionstraimí críochnaithe á gcur i láthair do shampla ionadaíoch de dhaltaí náisiúnta ag na spriocghráid. Úsáidfear sonraí ón staidéar bailíochtaithe chun na scoithphointí a chinneadh a thabharfaidh le fios an meastar nó nach meastar go bhfuil leanbh i mbaol deacrachtaí in ábhar ar leith.

Cineál na Trialach Tréimhse Ama Grúpa Ranga
Leabhrán Grúpa (Bailíochtú) Meán Fómhair – Deireadh Fómhair 2026 Rang a hAon (grúpa ranga amháin)
Agallamh Aonair (Píolótú) Samhain – Nollaig 2026 (roimh bhriseadh na Nollag) Rang a hAon (foghrúpa ar leith a roghnaíodh tar éis dóibh leabhrán an ghrúpa a dhéanamh i MF-DF)
Leabhrán Grúpa (Bailíochtú) Earrach 2027 Naíonáin Shinsearacha (suas le dhá ghrúpa ranga)
Agallamh Aonair (Bailíochtú) Earrach 2027 Naíonáin Shinsearacha (foghrúpa ar leith a roghnaíodh tar éis dóibh leabhrán an ghrúpa a dhéanamh in Earrach 2027)
Agallamh Aonair (Bailíochtú) Fómhar 2027 Rang a hAon (foghrúpa ar leith a roghnaíodh tar éis dóibh leabhrán an ghrúpa a dhéanamh in Earrach 2027)

 

Tar éis an staidéir bhailíochtaithe, forbrófar lámhleabhair chríochnaithe agus treoracha ateangaireachta, lena n-áirítear ábhair mhínithe do thuismitheoirí. Foilseofar na tástálacha i 2028.

Conas a roghnaítear ranganna le bheith páirteach?

Arrow

I ngach scoil rannpháirteach, déanfaidh an FTO rang amháin ag Rang a hAon a roghnú go randamach le deimhniú go bhfuil sampla a dhéanann ionadaíocht náisiúnta chruinn againn. Níos déanaí sa bhliain, roghnófar suas le dhá rang ag Naonáin Shinsearacha. Beidh roinnt bunsonraí faoi na daltaí sna ranganna sin ag teastáil uainn níos déanaí.

An féidir daltaí a dhíolmhú ó na trialacha?

Arrow

Is féidir. Is féidir daltaí a dhíolmhú mura bhfuil ar a gcumas, i dtuairim ghairmiúil fhoireann na scoile, dul i ngleic go ciallmhar leis an leabhrán grúpa toisc míchumas, agus/nó gan ach taithí an-teoranta acu ar theanga na trialach. Agus cinntí maidir le díolúintí á ndéanamh, is fiú a lua go ndearna an FTO gach iarracht trialacha inrochtana a fhorbairt atá oiriúnach do dhaltaí le réimse leathan ábaltachtaí agus atá níos éasca ná trialacha Dhroim Conrach d’aoisghrúpaí níos sine.

Cén teanga ina mbeidh na trialacha píolótacha do mo scoil?

Arrow

Iarrtar ort na trialacha píolótacha a riar i dTeanga 1 do scoile. Má tá imní ort faoi riar na dtrialacha i T1 do scoile, déan teagmháil le Foireann Forbartha na dtrialacha (féach Ceist 16 do na sonraí teagmhála).

An bhfuil an t-ábhar céanna sna trialacha Gaeilge agus Béarla?

Arrow

Déanann na trialacha litearthachta Gaeilge agus Béarla measúnú ar na torthaí foghlama céanna, don chuid is mó, agus tá siad mórán mar an gcéanna ó thaobh struchtúir de. Tá ábhar éagsúil iontu, áfach, a léiríonn na bealaí sonracha a gcuirtear scileanna litearthachta i bhfeidhm i dteanga na trialach.

Tá an t-ábhar céanna i nGaeilge agus i mBéarla sna trialacha uimhearthachta; aistriúcháin dhíreacha atá iontu.

Cé a cheartóidh na trialacha?

Arrow

Níl aon dualgas ar mhúinteoirí aon cheann de na trialacha bailíochtaithe a cheartú. Ina ionad sin, iarrfar ar mhúinteoirí an t-ábhar tástála go léir a sheoladh ar ais chuig an FTO, ag baint úsáide as na lipéid phostais a soláthraíodh, agus déanfaidh an FTO scóráil ar na trialacha.

An bhfaighidh mé torthaí do mo dhaltaí?

Arrow

Gheobhaidh tú torthaí dóibh siúd daltaí a ghlacann páirt sa triail bhailíochtaithe don leabhrán grúpa. Ní bheidh torthaí ar fáil dóibh siúd daltaí a ghlacann páirt sa triail phíolótach don agallamh aonair, áfach. Toisc go bhfuil píolótú a dhéanamh againn ar an agallamh aonair agus an t-ábhar dó fós á fhorbairt againn, ní bheadh sé oiriúnach na torthaí a roinnt.

Mar chomhartha buíochais, ba mhaith linn leabhráin thrialach saor in aisce a chur ar fáil do scoileanna rannpháirteacha.

Conas a chuirfear tuismitheoirí ar an eolas faoi na trialacha seo?

Arrow

Seolfaidh an FTO bosca ina bhfuil an t-ábhar cuí leis na trialach a riar le fáil, chomh maith le litir eolais do thuismitheoir/chaomhnóir gach páiste. Is féidir leis an FTO an litir seo a chur ar fáil go digiteach freisin, ach é a iarraidh, más mian leis an scoil an litir a sheoladh trí ríomhphost nó trí bhogearra riaracháin na scoile. Iarrfar ar an teagmhálaí scoile a chinntiú go ndáilfear na litreacha seo ar a laghad seachtain roimh an triail. Míneoidh an litir cuspóir an staidéir, déanfar cur síos ar an gcaoi a n-úsáidfear sonraí a leanaí, agus beidh duillín aistarraingthe ar fáil do thuismitheoirí/chaomhnóirí mura mhaith leo go riarfar na trialacha lena leanaí.

Díreofar tuismitheoirí ar fhaisnéis bhreise faoi bheartas cosanta sonraí an FTO ar shuíomh gréasáin an FTO, agus cuirfear línte teagmhála díreacha d’fhoireann Forbartha Tástála an FTO ar fáil dóibh ar eagla go mbeadh aon cheist acu.

Ba mhaith linn eolas déimeagrafach a bhailiú le cur lenár n-anailís mar sin tá seans ann go n-iarrfaidh muid ar thuismitheoirí/chaomhnóirí na ndaltaí rannpháirteacha ceistneoir gearr a líonadh timpeall ar an am a riarfar na trialacha.

Cé lena rachaidh mé i dteagmháil chun tuilleadh eolais a fháil?

Arrow

Má tá ceisteanna ginéaralta faoin togra seo agat, téigh i dteagmháil linn ag earlylitnum@erc.ie, le do thoil. Déantar monatóireacht ar an mbosca isteach don seoladh seo ó Luan go hAoine agus, de ghnáth, freagraítear ríomhphoist a thagann isteach chuige go pras.

Más fearr leat cúrsaí a phlé ar an nguthán, más é do thoil é téigh i dteagmháil le:

Ceisteanna as Gaeilge

Muireann Bergin (01 8065 213)
Róisín Ní Chatháin (01 8065 207)

 

Ceisteanna as Béarla

Keishia Taylor (01 914 4549)
George Piccio (01 914 4544)
Joanne Kiniry (01 914 4521)

Bainisteoir Tionscadail:
George Piccio (01 914 4544)
Maoirseacht Tionscadail:
Emer Delaney (01 914 4538)

 

Más é do thoil é, líon isteach an fhoirm rannpháirtíochta ghearr atá ar fáil anseo nó is féidir an cód MF thíos a scanáil.