Bord an FTO
Tá Bord an FTO freagrach as treo straitéiseach an Fhorais. Tarmligeann an Bord freagracht oibríochtúil as feidhmiú laethúil an FTO chuig an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF) agus chuig Foireann Bainistíochta an FTO. Faigheann an Bord tuarascálacha rialta ó Fhoireann Bainistíochta an FTO agus coinníonn sé é féin ar an eolas go dáta faoi shaincheisteanna straitéiseacha agus athruithe a mbíonn tionchar acu ar an FTO agus ar an timpeallacht ina bhfeidhmíonn sé.
I gcomhréir le halt 12 den Ordú Bunaithe IR uimh. 392 de 2015, ceapann an tAire Oideachais comhaltaí an Bhoird. Tá an Bord comhdhéanta de chúigear comhaltaí Boird neamhfheidhmiúcháin neamhspleácha. Ainmníonn an tAire comhalta amháin den Fhoras mar chathaoirleach agus comhalta amháin den Fhoras mar leaschathaoirleach an Fhorais. Ní bhíonn luach saothair i gceist do chomhaltacht an Bhoird.
Board Membership
No team members found for selected department(s).
Minutes of ERC Board Meetings:
Tabhair faoi deara: bainfear gach faisnéis íogair tráchtála agus cúrsaí pearsanta as miontuairiscí Bhord an FTO sula bhfoilseofar iad.
An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca (CIR)
Gníomhaíonn an CIR go neamhspleách ar bhainistíocht an FTO, chun a chinntiú go mbaineann lán-chosaint le leasanna an Stáit maidir le tuairisciú gnó agus airgeadais agus rialú inmheánach.
Tá triúr comhaltaí den Chomhairle agus triúr comhaltaí neamhspleácha mar chomhdhéanamh an CIR. Is é ról an CIR tacú leis an FTO maidir lena fhreagrachtaí as saincheisteanna riosca, rialaithe agus rialachais agus dearbhú gaolmhar. Gníomhaíonn an CIR go neamhspleách ar bhainistíocht airgeadais na heagraíochta. Cinntíonn an Coiste go ndéantar monatóireacht ghníomhach agus neamhspleách ar na córais rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí iniúchóireachta. Molann an CIR faomhadh buiséid bhliantúla agus Ráitis Airgeadais don Bhord agus tuairiscíonn sé don Bhord de réir mar is gá tar éis gach cruinnithe, agus go foirmiúil i scríbhinn gach bliain.
Cód Iompair do Chomhaltaí Bhord an FTO
Sa Chód Iompair do chomhaltaí Bhord an FTO, leagtar síos na prionsabail agus na caighdeáin ghinearálta a rialaíonn gníomhaíochtaí agus iompar gairmiúil chomhaltaí Bhord an FTO, agus dá réir sin comhlíontar na ceanglais a bhaineann le hionracas, dílseacht, rúndacht agus cothroime mar aon le hardleibhéal muiníne poiblí a choinneáil san eagraíocht mar chomhlacht poiblí agus mar fhostóir. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gCód Iompair, cliceáil anseo.