Fúinn
Is ionad barr feabhais idirnáisiúnta aitheanta é an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) i dtaighde, measúnú agus meastóireacht san oideachas. Déanann an Foras taighde ar gach leibhéal den chóras oideachais. Déantar taighde thar ceann na Roinne Oideachais, ar iarratas ó ghníomhaireachtaí eile agus ar thionscnamh an FTO féin agus a fhoireann.
Cuireann an FTO seirbhís tacaíochta measúnaithe ar fáil do scoileanna, ag soláthar réimse trialacha caighdeánaithe do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Is iad trialacha Dhroim Conrach an FTO na príomhthrialacha caighdeánaithe a úsáidtear i scoileanna na hÉireann.
Foilsíonn an FTO an Irish Journal of Education freisin.
Bunaíodh an FTO mar chomhlacht reachtúil ainmnithe de chuid na Roinne Oideachais faoi Alt 54 den Acht Oideachais (1998) ar an 9 Meán Fómhair 2015 (I.R. uimh. 392 de 2015 agus I.R. Uimh. 309 de 2017). Bunaíodh an Foras den chéad uair i 1966 i gColáiste Naomh Pádraig, Droim Conrach agus d’fheidhmigh sé mar chuid neamhspleách feidhmiúil de Choláiste Phádraig (atá mar chuid d’Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath anois) go dtí 2015.
Miseann agus Straitéis
Déanann an tOrdú Bunaithe (IR 392 de 2015) idirdhealú idir dhá chuspóir an Fhorais:
- · Seirbhís tacaíochta measúnaithe a sholáthar do scoileanna agus do lárionaid oideachais a chuirfidh ar a gcumas a n-oibleagáidí faoi Alt 9 den Acht Oideachais 1988 a chomhlíonadh; agus
- · Taighde neamhspleách a dhéanamh ar gach gné den oideachas agus ar gach leibhéal den chóras oideachais lena n-áirítear taighde oideachais a bheidh mar bhonn eolais do cheapadh polasaí agus d’fheabhsú na gcaighdeán oideachais.
Tá Plean Straitéiseach is déanaí an FTO a chlúdaíonn tréimhse cúig bliana ó 2025-2030 ar fáil anseo: leagan Béarla agus leagan Gaeilge
Leagann an plean straitéiseach seo amach misean agus spriocanna an FTO don chéad chúig bliana eile, agus é mar aidhm aige taighde oideachais críochnúil a dhéanamh chun tacaí measúnaithe iontaofa a fhorbairt do scoileanna agus léargais ardchaighdeáin a mbíonn tionchar acu a sholáthar a chabhróidh bonn eolais a chur faoi bheartas agus faoi chleachtas oideachais agus iad a mhúnlú.
Tá ár bplean straitéiseach agus ár ngníomhartha ag teacht leis na straitéisí agus na doiciméid bheartais éagsúla atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais, lena n-áirítear an Ráiteas Straitéise 2023-2025, an Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití 2024-2033, an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go 2027, Forbairt, an Straitéis Oideachais do Thaistealaithe agus do Romaigh 2024-2030, athbhreithniú an ECFE ar an gclár Comhionannas Deiseanna a Sheachadadh i Scoileanna (DEIS) agus beartais éagsúla bainteach le hoideachas Gaeilge.
Forléargas ar ghníomhaíochtaí an Fhorais
Measúnuithe Náisiúnta ar Ghnóthachtáil Oideachais
Ó 1972 i leith, mar chuid de ról monatóireachta an Fhorais ar thorthaí oideachais, táthar ag déanamh suirbhéanna náisiúnta ar ghnóthachtáil ag an mbunleibhéal i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Rinneadh na suirbhéanna i réimsí an Bhéarla (léitheoireacht), na Gaeilge (léitheoireacht agus teanga ó bhéal) agus na matamaitice. Déantar na measúnuithe seo gach cúig bliana ag an mbunleibhéal. Baineann siad le trialacha daltaí mar aon le ceistneoirí comhthéacs do dhaltaí, do mhúinteoirí, do phríomhoidí agus do thuismitheoirí.
Measúnuithe Idirnáisiúnta ar Ghnóthachtáil Oideachais
Táthar ag déanamh measúnuithe idirnáisiúnta ar ghnóthachtáil oideachais ó na 1980idí i leith. Faoi láthair, tá maoirseacht á déanamh ag an FTO ar thrí mheasúnú idirnáisiúnta a chlúdaíonn na leibhéil bhunscoile agus iar-bhunscoile:
- Staidéar Idirnáisiúnta ar Dhul Chun Cinn sa Litearthacht Léitheoireachta (PIRLS; gach 5 bliana, Rang a Ceathair)
- Treochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta Matamaitice agus Eolaíochta (TIMSS; gach 4 bliana, Rang a Ceathair agus an Dara Bliain)
- An Clár Measúnuithe Idirnáisiúnta Scoláirí (PISA, gach 3 bliana; 15- agus 16-bliana d’aois
Ionann agus na measúnuithe náisiúnta, bíonn trialacha mar aon le ceistneoirí comhthéacsúla do fhoghlaimeoirí, do mhúinteoirí, do phríomhoidí, agus/nó do thuismitheoirí i gceist, agus soláthraíonn siad tagarmharcanna idirnáisiúnta mar aon le faisnéis chomhthéacsúil náisiúnta.
Taighde agus meastóireacht ar mhíbhuntáiste oideachais
Tá meastóireachtaí ar thionscnaimh agus ar chláir nua i scoileanna chun feabhas a chur ar fhoghlaim agus ar dheiseanna saoil daltaí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta ina fhócas leanúnach dár gcuid oibre. I measc na dtionscadal atá críochnaithe tá meastóireachtaí ar Thionscadal Shráid Rutland, Briseadh an Timthrialla, Tús Luath, an Scéim Teagmhála Baile-Scoile-Pobail agus athbhreithniú ar Cothromaíocht Deise a Thabhairt do Leanaí. Tá an mheastóireacht reatha ar Chomhionannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna (DEIS) idir lámha.
Forbairt trialacha caighdeánaithe agus soláthar seirbhíse tacaíochta tástála caighdeánaithe
Déantar obair leanúnach ar fhorbairt trialacha agus ar chóras próifílithe a úsáideann múinteoirí chun foghlaimeoirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna a mheas. Ag an leibhéal bunscoile, áirítear leis seo Triail Léitheoireachta Bunscoile Dhroim Conrach (DPRT-R), Triail Matamaitice Bunscoile Dhroim Conrach (DPMT-R), Triail Réasúnaíochta Dhroim Conrach (DRT), Trialacha Gaeilge Dhroim Conrach do Bhunscoileanna Rialta (TGD-R) agus do Bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge (TGD-G).
Ó 2019 ar aghaidh, tá fáil ar thrialacha nua-noirmithe léitheoireachta agus matamaitice i bhformáidí páipéir (rang a haon go rang a sé) agus ar líne (rang a trí go rang a sé) do dhaltaí bunscoile. Cuirimid Triail Luath-Litearthachta Dhroim Conrach (DTEL) agus Triail Luath-Uimhearthachta Dhroim Conrach (DTEN) ar fáil freisin. Ag an leibhéal iar-bhunscoile, cuirimid trialacha léitheoireachta, matamaitice agus réasúnaíochta ar fáil do scoláirí sa Dara Bliain. Cuireann an FTO seirbhís scórála ar fáil dá thrialacha páipéir-bhunaithe freisin.
Gníomhaíochtaí
Sonraítear san Ordú Bunaithe (Airteagail 8 agus 9) liosta neamh-uileghabhálach de ghníomhaíochtaí atá ag teacht le cur chun cinn chuspóirí fheidhm an FTO:
- Scoileanna a chumasú chun leibhéil ghnóthachtála agus caighdeáin acadúla daltaí a mheas mar a cheanglaítear faoi Alt 9(k) den Acht Oideachais, 1998
- Scoileanna a chumasú chun tuairisciú córasach a dhéanamh ar leibhéil ghnóthachtála agus ar chaighdeáin acadúla daltaí do thuismitheoirí, do dhaltaí, do bhoird bhainistíochta, don Aire Oideachais agus do dhaoine eile
- Cabhrú le scoileanna riachtanais speisialta oideachais daltaí aonair a aithint
- Comhairle a chur ar fáil do scoileanna agus do lárionaid oideachais maidir le measúnú a dhéanamh ar leibhéil ghnóthachtála agus ar chaighdeáin acadúla daltaí
- Measúnuithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh ar leibhéil ghnóthachtála agus ar ghnóthachtáil acadúil daltaí agus tuairisciú a dhéanamh ar na measúnuithe sin don Aire
- Faisnéis a choinneáil, a stóráil go slán agus a fhoilsiú ar leibhéil ghnóthachtála agus ar chaighdeáin acadúla daltaí i scoileanna agus i lárionaid oideachais in Éirinn
- Páirt a ghlacadh i meastóireacht ar chláir agus ar ghníomhaíochtaí oideachais
- Taighde a thionscnamh agus a dhéanamh atá comhsheasmhach le cuspóirí an Fhorais, agus torthaí an taighde seo a fhoilsiú agus a scaipeadh
- Acmhainn a thógáil le haghaidh measúnú agus taighde oideachais in Éirinn trí fhoráil a dhéanamh d’fhorbairt ghairmiúil fhoireann an Fhorais agus trí oiliúint agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine eile ina réimsí inniúlachta
- Freastal ar chomhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ábhartha don Fhoras
- Comhoibriú le comhlachtaí eile, de réir mar is iomchuí, i staidéir taighde, measúnaithe agus meastóireachta agus i scaipeadh torthaí a bhaineann le taighde, measúnú agus meastóireacht
- Seirbhísí comhairliúcháin a sholáthar
- Comhoibriú le comhlachtaí eile, de réir mar is iomchuí.
Léiríonn na snáitheanna oibre agus comhoibrithe iomadúla a chaithfidh a bheith idir an FTO agus sraitheanna éagsúla den chóras oideachais, fairsinge ghníomhaíochtaí an Fhorais. Áirítear:
- forbairt ionstraimí measúnaithe agus ábhar gaolmhar lena ndáileadh ar agus lena ndíol le scoileanna
- foilsiú, nó curtha ar fáil lena bhfoilsiú ailt, leabhair agus tuarascálacha a scríobhadh go pearsanta nó i gcomhar le húdair
- tionscnamh taighde seachas taighde thar ceann na Roinne, i gcomhréir le pleananna oibre comhaontaithe
- taighde a chuirtear i gcrích le agus le haghaidh comhlachtaí eile
- trácht poiblí a dhéanamh ar bheartas agus ar chleachtas oideachais bunaithe ar a thaighde féin agus bunaithe ar thaighde litríochta i gcoitinne
- tabhairt faoi shoiléir aon ábhair a bhaineann le tuairiscí sna meáin ar obair an FTO
- caidreamh a choinneáil le scoileanna agus leis an bpobal oideachais i gcoitinne atá difriúil ón gcaidreamh idir na páirtithe seo agus an Roinn (mar shampla, ní roinntear faisnéis a sholáthraíonn scoileanna aonair don FTO leis an Roinn murar cuireadh in iúl don scoil roimh ré go dtarlóidh sé seo)
- a suíomh gréasáin féin a bheith aige agus an suíomh gréasáin seo mar aon le cineálacha eile cumarsáide leictreonaí a fhorbairt
- foilsiú an Irish Journal of Education.
Obair i gcomhpháirtíocht
Feidhmíonn an FTO mar chuid de líonra páirtithe leasmhara éagsúla a chuireann lena ghníomhaíochtaí taighde agus a bhaineann leas astu. Comhlíonann an FTO riachtanais na bpríomhpháirtithe leasmhara trí mheasúnuithe agus taighde tráthúla, ábhartha a sheachadadh, a chuirtear in iúl go soiléir ar bhealach a fheabhsaíonn oideachas leanaí agus daoine óga.
Soláthraíonn ár bpáirtithe leasmhara léargais, acmhainní agus tacaíocht luachmhara a chuireann le cumais taighde agus tionchar an Fhorais. Trí chaidrimh láidre agus cumarsáid éifeachtach a chothú le gach páirtí leasmhar, cinntíonn an FTO go bhfuil a chuid taighde ábhartha, praiticiúil agus tairbheach don phobal oideachais i gcoitinne.
Rialachas
Feidhmíonn an FTO laistigh de líonra páirtithe leasmhara éagsúla a chuireann le, agus a bhaineann leas as, a ghníomhaíochtaí taighde. Comhlíonann an FTO riachtanais na bpríomhpháirtithe leasmhara trí mheasúnuithe agus taighde tráthúla, ábhartha a sheachadadh, a chuirtear in iúl go soiléir ar bhealach a chuidíonn le hoideachas leanaí agus daoine óga.
Soláthraíonn ár bpáirtithe keasmhara léargais, acmhainní agus tacaíocht luachmhara a chuireann le cumais taighde agus tionchar an Fhorais. Trí chaidrimh láidre agus cumarsáid éifeachtach a chothú le gach páirtí leasmhar, cinntíonn an FTO go bhfuil a chuid taighde ábhartha, praiticiúil agus tairbheach don phobal oideachais i gcoitinne.