Staidéar ar Dhul Chun Cinn sa Litearthacht Léitheoireachta (PIRLS)

Faisnéis Chúlra

Déanann an Staidéar Idirnáisiúnta ar Dhul Chun Cinn sa Litearthacht Léitheoireachta (PIRLS) measúnú ar ghnóthachtáil léitheoireachta daltaí i rang a Ceathair (nó an leibhéal gráid coibhéiseach) i dtíortha ar fud an domhain. Is tionscadal de chuid An Chumainn Idirnáisiúnta um Measúnú Gnóthachtála Oideachais (IEA) é PIRLS, agus déanann Ionad Staidéir Idirnáisiúnta TIMSS agus PIRLS i gColáiste Bostún bainistíocht air ar leibhéal idirnáisiúnta. Laistigh de gach tír rannpháirteach, déanann Ionad Taighde Náisiúnta bainistíocht ar an staidéar. In Éirinn, comhlíonann an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) an ról seo. Tacaíonn Coiste Comhairleach Náisiúnta, faoi chathaoirleacht na Roinne Oideachais agus Óige agus a chuimsíonn ionadaithe ó na príomhpháirtithe leasmhara oideachais, leis an FTO san obair seo.

Rinneadh PIRLS den chéad uair in 2001, agus tarlaíonn sé gach cúig bliana. Ghlac Éire páirt den chéad uair in 2011. In 2016, bhí Éire ar cheann de 14 tír a riar measúnú breise ríomhaire-bhunaithe ar litearthacht dhigiteach i dtimpeallacht idirlín ionsamhlaithe dar teideal ePIRLS.

Thosaigh go leor tíortha ar mheasúnú lán-digiteach a dhéanamh dor PIRLS 2021. Cé go ndearnadh tástáil ríomhaire-bhunaithe don triail allamuigh in Éirinn san earrach 2020, d’fhill príomhstaidéar PIRLS in Éirinn ar thástáil pháipéirbhunaithe mar gheall ar chur isteach de bharr COVID-19. Ina theannta sin, cuireadh an tástáil in Éirinn agus i roinnt tíortha eile siar go dtí fómhar na bliana 2021 in ionad an t-earrach agus bhí daltaí a bhí díreach tosaithe i Rang a Cúig páirteach ann.

image

Cad ar a ndéantar measúnú?

Soláthraíonn Creata Measúnaithe PIRLS 2026 na sonraíochtaí dearaidh agus ábhair chun measúnú a dhéanamh ar ghnóthachtáil léitheoireachta daltaí agus chun faisnéis a bhailiú faoi chomhthéacsanna a bhforbartha léitheoireachta. Tá tuilleadh eolais faoin gCreat Measúnaithe Léitheoireachta, faoin gCreat Comhthéacsúil agus faoin Dearadh Measúnaithe ar fáil ón IEA agus ó Choláiste Bostúin.

Further information

PIRLS 2026 in Éirinn

Tá Éire ar cheann de thart ar 60 rannpháirtí – tíortha nó eintitis tagarmharcála (m.sh., ceantair tíortha) – i PIRLS 2026. Críochnaíonn an timthriall seo de PIRLS an t-aistriú go measúnú PIRLS lán-dhigiteach in Éirinn. Cuireann measúnú PIRLS 2026 eispéireas measúnaithe léitheoireachta mealltach, tarraingteach ó thaobh amhairc de, agus idirghníomhach ar fáil do dhaltaí. Chomhlánaigh daltaí i mbreis is 150 scoil in Éirinn measúnú PIRLS 2026 ar ríomhaire i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2026.

Toisc gur é PIRLS 2026 an bhliain ina bhfuil Éire ag aistriú ó thástáil pháipéirbhunaithe go tástáil dhigiteach, déantar staidéar náisiúnta ar éifeacht an mhodha freisin. Tá deis againn iniúchadh a dhéanamh ar na difríochtaí, más ann dóibh, atá i ngnóthachtáil léitheoireachta daltaí idir tástáil dhigiteach agus thástáil pháipéir. Chomhlánaigh daltaí i suas le 50 scoil in Éirinn measúnú PIRLS 2026 ar pháipéar.

Is príomhchuspóir de chuid PIRLS faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar ar féidir í a úsáid chun feabhas a chur ar theagasc agus ar fhoghlaim. Dá bhrí sin, bailíonn PIRLS faisnéis mhionsonraithe faoin gcuraclam agus a chur i bhfeidhm, faoi chleachtais teagaisc agus faoi acmhainní scoile. Bailítear sonraí ceistneora ó phríomhoidí scoile agus ó mhúinteoirí Rang a Ceathair i scoileanna rannpháirteacha, ó na daltaí féin agus óna dtuismitheoirí/caomhnóirí. Úsáidtear an fhaisnéis a bhailítear trí na ceistneoirí seo chun pictiúr níos iomláine a sholáthar ar thaithí na ndaltaí i gcóras oideachais na hÉireann. Mar shampla, tugann sé deis dúinn ceisteanna a fhreagairt ar nós: ‘An mbíonn scóir níos airde sa léitheoireacht ag daltaí Rang a Ceathair a deir go mbaineann siad taitneamh as a gceachtanna léitheoireachta ar scoil?’

Tá sé mar aidhm ag PIRLS léargas cruinn a bhailiú ar an leibhéal léitheoireachta, ar leibhéal náisiúnta agus treochtaí a mheas thar thréimhse ama. Níl an fócas ar aon dalta nó scoil aonair agus ní shainaithnítear choíche aon dalta ná scoil aonair i dtuarascálacha PIRLS.

About ERC

Conas a rinneadh measúnú ar dhaltaí in Éirinn i PIRLS 2026?

Roghnaíodh suas le trí rang a Ceathair go randamach i scoileanna sampláilte. Iarradh ar dhaltaí sna ranganna seo dhá théacs a léamh (ar pháipéar nó ar ríomhaire) agus ceisteanna a fhreagairt fúthu. 40 nóiméad a raibh ar fáil mar am tástála do gach téacs le sos gearr eatarthu. Iarradh ar dhaltaí ceisteanna a fhreagairt fúthu féin, faoina léitheoireacht agus faoina scoileanna freisin. Iarradh ar thuismitheoirí/chaomhnóirí ceistneoir (ar pháipéar nó ar líne) a chomhlánú faoi nósanna léitheoireachta a bpáiste. Iarradh ar mhúinteoirí ranga agus príomhoidí scoile ceistneoir a chomhlánú ar líne chomh maith.

Tugadh breis eolais do na rannpháirtitheí sa bhfíseán seo[BO1] : https://youtu.be/Sk-L6RVQ7CU

[BO1]https://youtu.be/Sk-L6RVQ7CU

Samplaí d’ábhar trialach PIRLS

Tá cuid de na ceisteanna a úsáideadh i dtimthriallta roimhe seo de PIRLS ar fáil go poiblí. Míreanna ilroghnacha a bhí i gcuid acu agus, i gcásanna eile, bhí ar dhaltaí freagra a scríobh.

Cliceáil anseo chun féachaint ar:

 

About ERC

RGCS agus Cosaint Sonraí

Chomh maith le gnóthachtáil daltaí sa léitheoireacht a thomhas, bailíonn PIRLS faisnéis chomhthéacsúil trí cheistneoirí a chomhlánaíonn daltaí, tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí, agus príomhoidí.

Úsáidtear an fhaisnéis a bhailítear trí na ceistneoirí seo chun léargas níos iomláine a sholáthar ar thaithí daltaí i gcóras oideachais na hÉireann. Mar shampla, tugann sé deis dúinn ceisteanna a fhreagairt ar nós ‘an mbíonn scóir níos airde sa léitheoireacht ag daltaí Rang a Ceathair a deir go mbaineann siad taitneamh as a gceachtanna léitheoireachta ar scoil?’

Tá tuilleadh eolais faoi rúndacht agus coinneáil sonraí ar fáil ag na naisc thíos:

Tá acmhainn foilsithe ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (CCS) chun cabhrú le scoileanna a n-oibleagáidí cosanta sonraí a chomhlíonadh nuair a bhíonn sonraí pearsanta leanaí á bpróiseáil acu. Le haghaidh tuilleadh eolais, is féidir rochtain a fháil ar an Tacar Uirlisí um Chosaint Sonraí do Scoileanna trí chliceáil ar an nasc seo a leanas: https://www.dataprotection.ie/sites/default/files/uploads/2024-12/DataProtection-ToolkitforSchools_EN_0.pdf [Tabhair faoi deara: tabharfaidh an nasc seo chuig suíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí thú].

Coiste Comhairleach Náisiúnta PIRLS d’Éirinn

Déanann an coiste comhairleach náisiúnta maoirseacht ar chur i bhfeidhm PIRLS in Éirinn agus cuirtear comhairle maidir le gach gné mhór den staidéar, lena n-áirítear ionchur a sholáthar don tuarascáil náisiúnta.

An Coiste Comhairleach Náisiúnta (PIRLS) (uasdátaithe i Lúnasa 2026)

Ainm Cleamhnacht
Aedín Ní Thuathail Líonra Príomhoidí Bunscoile Éireann
Áine Lynch Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí – Bunscoil
Patrick Sullivan An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
Máirín Ní Chéileachair Cumann Múinteoirí Éireann
Eddie Fox Oideachas le Chéile
Maeve Price An Roinn Oideachais agus Óige
Mark Bohan An Roinn Oideachais agus Óige
Maria McGrath An Roinn Oideachais agus Óige
Shane Leonard Oide, An Roinn Oideachais agus Óige
Cormac Ó Tuairisg Gaeloideachas
Lorraine Gilleece FTO, PIRLS 2026
Brendan O’Neill FTO, PIRLS 2026
Barbora Mackova FTO, PIRLS 2026