PISA 2025 – Eolas do Scoileanna, Múinteoirí agus Daltaí
Príomhstaidéar PISA 2025
Bhí Príomhstaidéar PISA 2025, ar siúl in Éirinn i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2025. Ghlac breis is 6,000 scoláire ó 172 scoil ar fud na hÉireann páirt i PISA 2025. Chomhlánaigh príomhoidí agus comhordaitheoirí eolaíochta ó na scoileanna seo, chomh maith le tuismitheoirí/caomhnóirí na scoláirí rannpháirteacha a ghlac páirt ceistneoirí mar chuid den staidéar. Tá cóip de Chaighdeáin Theicniúla PISA ar fáil anseo.
Results from PISA 2025 were released on September 8th, 2026. More information can be found here.
Triail Allamuigh PISA 2025
Rinneadh Triail Allamuigh PISA 2025 idir Mí an Márta agus Mí Aibreáin 2024. Rinneamar an tástáil i 53 scoil agus rinneamar sampláil ar 50 scoláire in aghaidh na scoile. Ghlac breis is 2,000 scoláire páirt sa Triail Allamuigh.
Achoimrí gearra ar thorthaí PISA
Foilsíonn an ECFE achoimrí gearra téamacha ar thorthaí PISA a d’fhéadfadh a bheith spéisiúil do scoláirí, do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus do lucht déanta beartas.
Bain triail as trialacha PISA!
Bain triail as ceisteanna ó PISA anseo.
Conas a úsáidimid do shonraí
Chomh maith le gnóthachtáil na scoláirí sa mhatamaitic, san eolaíocht agus sa léitheoireacht a thomhas, bailíonn PISA faisnéis chomhthéacsúil trí cheistneoirí a chomhlánaíonn scoláirí, tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí agus príomhoidí.
Úsáidtear an fhaisnéis a bhailítear trí na ceistneoirí seo chun léargas níos iomláine a thabhairt ar thaithí na scoláirí i gcóras oideachais na hÉireann. Mar shampla, tugann sé deis dúinn ceisteanna a fhreagairt ar nós ‘an mbíonn scóir níos airde sa mhatamaitic ag scoláirí cúig bliana déag d’aois a deir go mbaineann siad taitneamh as a gceachtanna matamaitice ar scoil?’. Tá rúndacht agus anaithnideacht na rannpháirtithe an-tábhachtach, agus ní chuirfear faisnéis faoi scoil aonair ar fáil ach don scoil sin agus ní scaoilfear í chuig scoileanna ná daoine aonair eile choíche. Ní scaoilfear faisnéis faoi mhúinteoirí, scoláirí ná tuismitheoirí aonair choíche.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin gcaoi a phróiseáiltear sonraí gach ceistneora (lena n-áirítear sonraí faoi rúndacht agus coinneáil sonraí) sna naisc thíos. Bailítear an fhaisnéis uile maidir le PISA in Éirinn i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus Staidrimh agus leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).
.
Dearbhú um chosaint sonraí do tuismitheoirí /chaomhnóirí agus scoláirí
Dearbhú um chosaint do múinteoirí/comhordaitheoirí eolaíochta
Dearbhú um chosaint do phríomhoidí
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi bheartas cosanta sonraí an FTO, cliceáil anseo.
Sonraí Teagmhála
An Foras Taighde ar Oideachas
OCBÁC, Campas Naomh Pádraig,
Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9, D09 AN2F