An Clár um Mheasúnú Idirnáisiúnta ar Scoláirí (PISA)

Is measúnú idirnáisiúnta é an Clár um Mheasúnú Idirnáisiúnta ar Scoláirí (PISA) ar scileanna agus eolas scoláirí atá 15 bliana d’aois, atá, i bhformhór na dtíortha, ag druidim le deireadh an oideachais éigeantaigh. Déanann PISA measúnú ar fheidhmíocht scoláirí ar thascanna ‘fíorshaoil’ a mheastar a bheith ábhartha le haghaidh rannpháirtíocht éifeachtach i sochaí dhaoine fásta agus don fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Is tionscadal de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) é PISA. In Éirinn, déanann an Foras Taighde ar Oideachas bainistíocht ar an tionscadal thar ceann na Roinne Oideachais. Cuireann PISA le monatóireacht na Roinne ar an Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití 2024-2033.

Ón mbliain 2000 i leith, cuireadh PISA i bhfeidhm gach trí bliana, seachas an t-ochtú timthriall den staidéar a bhí le cur i bhfeidhm in 2021 ach cuireadh moill bliana air mar gheall ar phaindéim Covid-19. Cuireadh an naoú timthriall de PISA i bhfeidhm in 2025. Mhéadaigh líon na dtíortha rannpháirteacha ó 32 in 2000 go 91 do PISA 2025, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na staidéir is mó dá leithéid.

PISA 2025 – Le haghaidh tuilleadh faisnéis faoi PISA 2025 tabhair cuairt ar Arrow
image

Cad ar a ndéantar measúnú?

Is iad na hábhair nó na ‘réimsí’ a ndéanann PISA measúnú orthu ná litearthacht léitheoireachta, matamaitic agus eolaíocht. I ngach timthriall de PISA, bíonn ceann de na réimsí seo mar phríomhfhócas don mheasúnú (‘príomhréimse’), agus cuirtear níos lú béime ar na réimsí eile (‘foréimsí’). Sa bhliain 2025, bhí an eolaíocht mar phríomhréimse. Chun príomhchodanna Chreat Eolaíochta PISA 2025 a iniúchadh, féach ar shuíomh gréasáin an ECFE anseo.

Sna timthriallta is déanaí de PISA, forbraíodh réimsí nuálacha breise agus riaradh iad ar dhaltaí. Ghlac Éire páirt sa mheasúnú nuálach ar Réiteach Fadhbanna Cruthaitheach i PISA 2012 ach níor ghlac sí páirt sna measúnuithe nuálacha ar Réiteach Fadhbanna Comhoibríoch agus Inniúlacht Dhomhanda i dtimthriallta 2015 agus 2018 faoi seach. Smaointeoireacht Chruthaitheach a bhí mar réimse nuálach i dtimthriall 2022. Cé gur bhailigh Éire faisnéis chomhthéacsúil faoi rannpháirtíocht agus dearcthaí scoláirí i leith na cruthaitheachta agus na smaointeoireachta cruthaithí, níor ghlacamar páirt sa mheasúnú cognaíoch. Is é an réimse cognaíoch nuálach do PISA 2025 ná Foghlaim sa Domhan Digiteach agus ghlac Éire páirt sa réimse cognaíoch seo don timthriall sin.

Timthriall Príomhréimse Foréimse agus Réimsí Nuálacha
PISA 2025 Eolaíocht Matamaitic, Litearthacht léitheoireachta, Foghlaim sa Domhan Digiteach
PISA 2022 Matamaitic Litearthacht léitheoireachta, Eolaíocht, Smaointeoireacht Chruthaitheach
PISA 2018 Litearthacht léitheoireachta Matamaitic, Eolaíocht, Inniúlacht Dhomhanda
PISA 2015 Eolaíocht Matamaitic, Litearthacht léitheoireachta, Réiteach fadhbanna comhoibríoch
PISA 2012 Matamaitic Litearthacht léitheoireachta, Eolaíocht, Réiteach fadhbanna cruthaitheach
PISA 2009 Litearthacht léitheoireachta Matamaitic, Eolaíocht
PISA 2006 Eolaíocht Litearthacht léitheoireachta, Matamaitic
PISA 2003 Matamaitic Litearthacht léitheoireachta, Eolaíocht, Réiteach fadhbanna traschuraclaim
PISA 2000 Litearthacht léitheoireachta Matamaitic, Eolaíocht

Conas a dhéantar measúnú ar dhaltaí?

PISA has transitioned to a computer-based assessment; since 2015, almost all participating countries, including Ireland, have administered PISA entirely by computer. In previous cycles of PISA, as well as completing paper-based assessments of reading literacy, mathematics and science, additional optional assessments of digital literacy, computer-based mathematics and problem solving were administered. Adaptive testing is possible on a computer-based platform and can improve accuracy and fairness in testing. Using a multi-stage approach, the test is adaptive to each student’s ability level – students start on a common set of items, and then, at intervals, progress onto items of a lower or higher difficulty, based on their previous performance. Adaptive testing for reading literacy and mathematics was designed and fully implemented in 2018 and 2022, respectively. For PISA 2025, adaptive testing was implemented for the assessment of science, the major domain.

 

About ERC

An Coiste Comhairleach Náisiúnta (PISA)

Déanann an coiste comhairleach náisiúnta maoirseacht ar chur i bhfeidhm PISA agus cuirtear comhairle ar fáil maidir le gach gné mhór den staidéar, lena n-áirítear na hábhair mheasúnaithe a athbhreithniú agus ionchur a sholáthar don tuarascáil náisiúnta.

An Coiste Comhairleach Náisiúnta

Ainm Staidéar
Anastasios Karakolidis An Foras Taighde ar Oideachas, Ionadaí Bhord Rialaithe PISA, Bainisteoir Tionscadail Náisiúnta 2025
Brendan Duggan An Foras Taighde ar Oideachas
Linda Ramsbottom An Roinn Oideachais agus Óige, An Chigireacht
Liz O’Neill An Roinn Oideachais agus Óige, An Chigireacht
Elizabeth Smith An Roinn Oideachais agus Óige, An Chigireacht
Mark Bohan An Roinn Oideachais, Curaclaim agus Beartais
Susan Grotewold An Roinn Oideachais agus Óige
Paul Behan An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
Rachel Linney An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
Brian Murphy Coláiste na hOllscoile Corcaigh (UCC)
Ryan Gallagher Coláiste na hOllscoile Corcaigh (UCC)
Gerry Hyde Coimisiún na Scrúduithe Stáit
Conor Galvin Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD)
Odilla Finlayson Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC)
Ronan Flatley Coláiste Mhuire Gan Smál

Tá Téarmaí Tagartha Choiste Comhairleach Náisiúnta PISA ar fáil anseo.

Conas a riartar PISA go hidirnáisiúnta?

Déanann Rúnaíocht Oideachais ECFE maoirseacht ar PISA. Comhaontaíonn Bord Rialaithe PISA, ar a bhfuil ionadaíocht ag gach tír, gach príomhghné de PISA. I ngach tír, déanann Bainisteoirí Tionscadail Náisiúnta maoirseacht ar riarachán PISA.

Rinne institiúid chomhghuaillíochta PISA 2018 agus PISA 2022 a chur i bhfeidhm ar an leibhéal idirnáisiúnta, faoi stiúir The Educational Testing Service, SAM. Chuir comhghuaillíocht, faoi stiúir an Australian Council for Education Research (ACER), PISA 2025 i bhfeidhm.

Faisnéis theicniúil faoi chur i bhfeidhm PISA.

About ERC

Cé a ghlacann páirt i PISA?

Déanann PISA measúnú ar dhaltaí 15 agus 16 bliana d’aois, toisc go bhfuil scoláirí ag an aois seo ag druidim i dtreo dheireadh na scolaíochta éigeantaí i bhformhór na dtíortha ECFE. Ar dtús, roghnaítear sampla ionadaíoch de scoileanna (a léiríonn meascán de scoileanna de réir méide, suímh, cineáil, agus inscne mar aon le comhdhéanamh socheacnamaíoch).

Ansin, déantar sampláil ar dhaltaí laistigh de na scoileanna rannpháirteacha.

In Éirinn, baineann na scoláirí rannpháirteacha leis an tsraith shóisearach agus an tsraith shinsearach araon. Cuireann PISA dianchaighdeáin theicniúla i bhfeidhm, mar sin ní mór do na rátaí freagartha a bheith ard. Caithfidh 85% de scoileanna, agus 80% de dhaltaí, páirt a ghlacadh chun go measfar na torthaí a bheith bailí.

I gcás PISA 2025, iarradh ar thuismitheoirí/chaomhnóirí na scoláirí a ghlacann páirt sa mheasúnú ceistneoir tuismitheora a chomhlánú a chuireann ceisteanna faoi thimpeallacht bhaile na scoláirí. Tugadh isteach an ghné seo de PISA in Éirinn den chéad uair in 2015. Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh an oiread tuismitheoirí agus is féidir ceistneoir ar ais ionas go measfar na torthaí a bheith bailí agus gur féidir leo cur le forbairt beartais oideachais.

Iarrtar ar phríomhoidí na scoileanna rannpháirteacha ceistneoir a chomhlánú freisin ina gcuirtear ceisteanna faoi bhainistíocht, acmhainní, beartais agus cleachtais na scoile. I ngach timthriall den staidéar, forbraíonn an FTO ceistneoir náisiúnta do mhúinteoirí nó do chomhordaitheoirí ábhair a bhfuil an ‘príomhréimse’ á theagasc acu. Ós rud é gurbh í an eolaíocht an príomhréimse, nó an príomhfhócas, den mheasúnú in 2025, iarradh ar chomhordaitheoirí eolaíochta nó ar cheannairí ranna eolaíochta i ngach scoil rannpháirteach an ceistneoir seo a chomhlánú ina gcuirtear ceisteanna faoi eagrú na foghlama eolaíochta laistigh den scoil.

 

 

Freagróir Uirlis
Scoláirí Measúnú PISA Ríomhaire-Bhunaithe (2 uair an chloig) agus Ceistneoir Scoláirí (50 nóiméad)
Príomhoide Scoile Ceistneoir Scoile Ar Líne (1 uair an chloig)
Múinteoirí nó Comhordaitheoir Ábhair do ‘phríomhréimse’ Ceistneoir Múinteora nó Comhordaitheoir Ábhair Ar Líne (30 nóiméad)
Tuismitheoirí Ceistneoir Tuismitheora Páipéar-bhunaithe (35 nóiméad)