Eolas do Dhaltaí agus do Thuismitheoirí
Is é an FTO príomhfhorbróir agus príomhsholáthraí thrialacha caighdeánaithe in Éirinn. Tá breis agus 40 bliain de thaithí againn sa réimse seo, ag soláthar faisnéise iontaofa taighde-bhunaithe ar fhoghlaim daltaí do scoileanna, do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do na daltaí féin.
Cad iad trialacha caighdeánaithe?
Is trialacha caighdeánaithe iad trialacha Dhroim Conrach an FTO (ar a dtugtar “na Drumcondras”). Déanann trialacha caighdeánaithe tomhas ar ghnóthachtáil dalta i gcomparáid le daonra na ndaltaí ar fud scoileanna uile na hÉireann. Soláthraíonn trialacha an FTO faisnéis faoi fhoghlaim agus faoi ghnóthachtáil daltaí. Tá siad bunaithe ar churaclam na hÉireann agus rinneadh tástáil orthu ar shampla ionadaíoch dár ndaonra scoile.
Forbraíonn foirne saineolaithe taighdeoirí oideachais ár dtrialacha, ag obair le múinteoirí, síciméadraithe, síceolaithe agus saineolaithe ábhair (mar shampla, saineolaithe sa mhatamaitic).
Cad chuige a n-úsáidtear trialacha caighdeánaithe?
Úsáideann múinteoirí trialacha an FTO chun faisnéis a fháil faoin gcaoi a bhfuil dalta ag foghlaim i réimse áirithe. Mar shampla, insíonn scór linbh ar thriail Léitheoireachta FTO Dhroim Conrach do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus do scoileanna conas mar atá leanbh ag léamh i gcomparáid le leanaí eile ag an leibhéal ranga céanna in Éirinn.
Cé go bhféachann formhór ár dtrialacha caighdeánaithe ar leibhéil ghnóthachtála gach dalta, díríonn roinnt trialacha ar dhaltaí a aithint a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu in ábhar ar leith. Tugtar scagthrialacha orthu seo. Cuidíonn scagthriail le múinteoirí agus le tuismitheoirí a fháil amach cé hiad siúd a bhféadfadh cúnamh breise a bheith de dhíth orthu. Is féidir le triail dhiagnóiseach tuilleadh eolais a sholáthar faoi cad iad go na rudaí go díreach a bhfuil deacracht ag dalta leo. Cuidíonn sé seo le múinteoirí bealaí maithe a phleanáil chun tacú le foghlaim daltaí aonair.
Cad iad na buntáistí a bhaineann le trialacha Dhroim Conrach?
Tá trialacha FTO Dhroim Conrach bunaithe ar churaclam na hÉireann. Nuair a bhíonn siad á bhforbairt againn, bíonn saineolaithe agus páirtithe leasmhara in Éirinn páirteach agus labhraímid leo, ag cinntiú go bhfuil na trialacha oiriúnach agus ábhartha do scoileanna na hÉireann.
Úsáidimid réimse ábhar éagsúl freisin, agus cineálacha ceisteanna, agus cinntímid go léirítear daonra éagsúil scoileanna na hÉireann in ábhar na tástála. Tá sé mar aidhm againn trialacha a chruthú a léiríonn foghlaim agus gnóthachtáil daltaí ar bhealach cothrom agus úsáideach.
Trialacha páipéar-bhunaithe agus ríomhaire-bhunaithe
Tá Trialacha Bunscoile Dhroim Conrach Nua ar fáil ar pháipéar ag gach leibhéal ó rang a hAon go rang a Sé. Tá siad ar fáil ar ríomhaire freisin do ranganna a Trí go rang a Sé. In 2018, b’ionann feidhmíocht na leanaí ag na leibhéil seo ar leaganacha páipéir agus ríomhaire-bhunaithe de na trialacha. Mar sin féin, chun aon difríochtaí deacrachta beaga a chur san áireamh, rinneadh na trialacha ríomhaire-bhunaithe a noirmiú ar leithligh ó na trialacha pháipéir-bhunaithe. Mar sin, mar shampla, má rinne do leanbh an triail nua ar ríomhaire, léiríonn a scóir a bhfeidhmíocht i gcomparáid le leanaí eile in Éirinn ag an leibhéal ranga céanna a rinne an triail sin ar ríomhaire freisin in 2018.
Scóir trialacha mar mheastacháin
Níl sna scóir tástála ach meastacháin ar fhíor leibhéal gnóthachtála linbh, bunaithe ar shraith shonrach ceisteanna trialach a riartar ar lá áirithe. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh ‘fíorscór’ linbh ar aon triail a bheith beagán níos airde nó beagán níos ísle ná an scór a tuairiscíodh. D’fhéadfadh acmhainní ar líne forbartha ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta [CNCM] maidir le scóir chaighdeánaithe agus scóir STen a léirmhíniú, a bheith úsáideach duit. Tá na hacmhainní seo ar fáil i roinnt teangacha éagsúla.
Tá sé ríthábhachtach smaoineamh ar scóir mar mheastacháin leathana má tá tú ag léirmhíniú scóir STen (scóir idir 1 agus 10, áit a bhfuil 5.5 ina mheánscór). Freagraíonn gach scór STen do raon scór caighdeánach. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh beirt leanbh scóir chaighdeánaithe a bheith acu nach bhfuil ach pointe nó dhó óna chéile (nach dócha a léireoidh difríocht shuntasach ina ngnóthachtáil), ach go mbeadh scóir STen éagsúla acu mar sin féin.
Agus tú ag machnamh ar dhul chun cinn do linbh, tá sé tábhachtach foinsí fianaise eile a mheas chomh maith le scóir trialach caighdeánaithe. Mar shampla, b’fhéidir go smaoineofá ar aiseolas ó do leanbh agus ón múinteoir ranga, agus ar fheidhmíocht ar thrialacha eile i rith na bliana. Más tá tuilleadh eolais shonraigh de dhíth ort faoi fheidhmíocht do linbh sa léitheoireacht agus/nó sa mhatamaitic, b’fhéidir gur mhaith leat teagmháil a dhéanamh le múinteoir do linbh.