Saoráil Faisnéise

Mar chomhlacht poiblí, tá an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 a tháinig i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 2014. Dearbhaíonn na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise ceart bhaill den phobal rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil a mhéid is féidir i gcomhréir le leas an phobail agus le ceart príobháideachta daoine aonair.

Forálann Acht um Shaoráil Faisnéise 1997, arna leasú in 2003 agus 2014, go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine:

  • an ceart rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais agus gach comhlacht poiblí a chomhlíonann forálacha Alt 6 den Acht;
  • an ceart faisnéis phearsanta atá coimeádta fúthu a cheartú nó a nuashonrú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus
  • an ceart cúiseanna a bheith tugtha maidir le cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a mbíonn tionchar acu orthu.

Tá roinnt díolúintí ann, mar shampla i gcás ina bhféadfadh nochtadh faisnéise íogaire dochar a dhéanamh do leas an Stáit, an údaráis nó a bheith bainteach le faisnéis phearsanta duine aonair eile.

Cumhdaíonn an tAcht na taifid seo a leanas:

  • Gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta atá i seilbh an Fhorais beag beann ar an uair a cruthaíodh é
  • Gach taifead eile a cruthaíodh ó thosach feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise (21 Aibreán, 1998)
  • Aon taifid is gá chun tuiscint a fháil ar thaifead reatha, fiú má cruthaíodh iad roimh 21 Aibreán, 1998

Ní chumhdaítear na taifid seo a leanas faoin Acht:

  • Faisnéis phearsanta a bhaineann le duine ar bith seachas an duine atá ag iarraidh na faisnéise (tá roinnt eisceachtaí ann)
  • Faisnéis atá foilsithe cheana féin agus atá ar fáil ón FTO
  • Faisnéis neamhphearsanta a cruthaíodh roimh 21 Aibreán 1998
  • Roinnt catagóirí taifead mar atá leagtha amach san Acht.

Conas a fheidhmíonn SF?

Éilíonn an tAcht ar chomhlachtaí poiblí freagairt d’iarratais ón bpobal ar fhaisnéis atá ina seilbh. I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlachtaí poiblí a gcinneadh a thabhairt ar iarratas laistigh de 4 seachtaine ón uair a fhaightear é. Sainmhínítear seachtain san Acht mar chúig lá oibre as a chéile, gan an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire poiblí a áireamh.

Conas is féidir liom Iarratas SF a dhéanamh chuig an FTO?

Ba chóir duit iarratas i scríbhinn a sheoladh tríd an bpost nó trí ríomhphost chuig

An Oifig um Shaoráil Faisnéise
An Foras Taighde ar Oideachas
Campas Choláiste Naomh Pádraig
Droim Conrach
Baile Átha Cliath 9
Ríomhphost FOI@erc.ie

Cad ba chóir a chur san áireamh le m’iarratas?

  • Ráiteas go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise;
  • An oiread eolais agus is féidir faoi na taifid atá á lorg chun go mbeidh an FTO in ann na taifid atá uait agus an tréimhse ama a bhaineann le d’iarratas a aithint agus;
    • Uimhir ghutháin nó seoladh ríomhphoist agus do sheoladh poist; beidh sé seo ina chuidiú má bhíonn ar an FTO teagmháil a dhéanamh leat
    • An fhormáid inar mian leat aon taifid a scaoiltear a fháil (m.sh. fótachóipeanna)
    • Agus faisnéis phearsanta á lorg agat, iarrfar ort do chéannacht a chruthú agus iarrfar ort cóip de do cheadúnas tiomána, do phas nó d’fhoirm eile aitheantais a sholáthar. Cuir cóip den aitheantas seo le haon iarratais ar fhaisnéis phearsanta um Shaoráil Faisnéise.

Tá an FTO sásta cúnamh a thabhairt do bhaill den phobal atá ag lorg comhairle maidir le hiarratas a dhéanamh.

Cuirfidh an FTO in iúl i scríbhinn laistigh de 10 lá oibre go bhfuarthas d’iarratas. Sa litir admhála, cuirfear ainm agus sonraí teagmhála an duine a dhéanfaidh an cinneadh maidir le d’iarratas ar fáil duit freisin agus cuirfear in iúl duit cathain is féidir leat a bheith ag súil leis an gcinneadh sin.

An ngearrtar táille as faisnéis a fháil faoin Acht SF?

Ní ghearrtar aon táille as iarratas a chur isteach (tá na táillí iarratais bhunaidh €15 curtha ar ceal). Maidir le hiarratais neamhphearsanta, féadfar táillí eile a chur i bhfeidhm as an am a chaitear ag aimsiú taifead agus as aon chostais atáirgthe a bhíonn i gceist maidir leis an ábhar a iarradh a sholáthar (táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála).

  • Tá tairseach íosta €101 ann nach féidir táillí cuardaigh, aisghabhála nó cóipeála a ghearradh faoina bhun. Nuair a shroicheann na táillí €101, cuirtear na táillí iomlána i bhfeidhm.
  • Tá uasteorainn €500 ar mhéid na dtáillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála is féidir a ghearradh/
  • Tá uasteorainn bhreise ar tháillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála measta ag €700, agus os a chionn sin, féadfaidh comhlacht SF diúltú iarratas a phróiseáil, mura bhfuil an t-iarratasóir sásta an t-iarratas a bheachtú chun an cuardach agus an chóipeáil a thabhairt faoi bhun na teorann.

Ceart achomharc a dhéanamh?

Féadtar achomharc a dhéanamh i gcoinne aon chinneadh a eisítear trí scríobh chuig Saoráil Faisnéise, FTO, Campas Choláiste Naomh Pádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9, agus Athbhreithniú Inmheánach a éileamh ar an ábhar.

Mura bhfaigheann tú freagra laistigh de cheithre seachtaine ón iarratas tosaigh, meastar gur diúltú don iarratas é seo agus tugann sé deis don iarratasóir athbhreithniú a iarraidh.

Féadfar táille €30 (€10 do shealbhóirí cártaí leighis) a chur i bhfeidhm le haghaidh achomhairc. Níl aon táille ann d’iarratais athbhreithnithe inmheánaigh a bhaineann le faisnéis phearsanta bainteach leat féin nó maidir le cinneadh táille nó éarlais a ghearradh.

Ba chóir duit d’achomharc a dhéanamh laistigh de 4 seachtaine ó dháta an fhreagra. Ba chóir duit d’achomharc a dhéanamh laistigh de 4 seachtaine ón dáta freagartha (cé gur féidir achomhairc dhéanacha a cheadú i gcúinsí áirithe). Is éard a bheidh i gceist leis an achomharc ná athbhreithniú iomlán ar an ábhar an ag ball foirne níos sinsearaí de chuid an FTO agus cuirfear cinneadh in iúl laistigh de 3 seachtaine.

Cad a tharlóidh mura bhfuilim sásta le cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh?

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh laistigh de shé mhí trí scríobh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Déanfaidh an Coimisinéir Faisnéise imscrúdú iomlán agus breithneoidh sé an t-ábhar agus eiseoidh sé cinneadh úr. Ní mór gach achomharc a sheoladh chuig:

An Coimisinéir Faisnéise,
18 Sráid Íochtarach Líosain,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353 (1) 639 5689
Glao áitiúil: 1890 22 30 30
Facs: +353 (1) 639 5674
Ríomhphost: info@oic.ie

An bhfuil táille le híoc?

D’fhéadfadh go mbeadh táille €50 (€15 do shealbhóirí cártaí leighis) i bhfeidhm as iarratas dá leithéid. Arís, níl aon táille ann d’achomhairc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise maidir le faisnéis phearsanta a bhaineann leat féin nó maidir le cinneadh táille nó éarlais a ghearradh.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi SF?

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Shaoráil Faisnéise, lena n-áirítear téacs Achtanna na Saorála Faisnéise, tabhair cuairt ar www.foi.gov.ie