Soláthar
Bunú Painéil Seirbhísí Tacaíochta Teicniúil chun tástáil ríomhaire-bhunaithe a sheachadadh
Tá cuireadh á thabhairt againn do Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide ar fud na hÉireann a chomhlíonann na critéir do sheirbhísí tacaíochta teicniúla iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh sa phainéal ar bhonn leanúnach thar théarma an chonartha seo. Socrófar na rátaí do bhaill foirne tacaíochta teicniúla. Beidh an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) freagrach as an bpainéal a bhainistiú, iarratais chuig an bpainéal a bhainistiú agus obair nach bhfuil ar chumas an Phríomhchonraitheora a ghlacadh air féin a leithdháileadh. Déanfar liosta a nuashonrú ar shuíomh gréasáin an FTO uair sa bhliain ar a laghad ina léireofar na baill phainéil reatha.
anseo
Is féidir iarratas a dhéanamh chuig an bPainéal ag baint úsáide as an bhFoirm Iarratais seo.
Orduithe Ceannaigh os cionn €20,000
Déanann an Foras Taighde ar Oideachas conarthaí a bhronnadh ó am go ham chun earraí agus seirbhísí a sholáthar. Tá sé mar aidhm againn luach ar airgead a bhaint amach agus seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar don phobal.
Agus conarthaí á mbronnadh, cloíonn an FTO leis na rialacha soláthair phoiblí go léir agus comhlíontar an fheidhm seo go macánta agus go cothrom.