Measúnú ar an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta

Forléargas

Eascraíonn an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta as an bPolalasaí ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022 (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2016), atá bunaithe ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 (Rialtas na hÉireann, 2010).  Is é príomhchuspóir an Pholasaí ná oideachas ardchaighdeáin agus ábharatha trí mheán na Gaeilge a sholáthar do dhaoine óga i scoileanna Gaeltachta, agus, sa tslí sin, tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’úsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta.  I measc chuspóirí an Pholasaí, tá:

  • Tacaíocht a sholáthar agus feabhas a chur ar cháilíocht an teagaisc trí mheán na Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta agus suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige, sa chaoi is go mbeidh an teagasc trí Ghaeilge mar chéad rogha ag tuismitheoirí i ngach ceann de na limistéir Ghaeltachta
  • Tacú le soláthar oideachais chuí trí mheán na Gaeilge do pháistí agus do dhaoine óga atá á dtógáil le Gaeilge
  • An nuálaíocht agus barr feabhais a chothú i soláthar an oideachais trí mheán na Gaeilge.

Faoin bPolasaí, tugadh cuireadh do scoileanna lonnaithe i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta spéis a léiriú chun páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Chun aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta, tá ar scoileanna feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge (seachas an curaclam don Bhéarla agus teangacha eile) mar atá leagtha amach i gcritéir theanga-bhunaithe an Pholasaí. Tugann an tAonad um Oideachas Gaeltachta sa Roinn Oideachais tacaíocht do scoileanna ina n-iarrachtaí aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach. Gné ar leith den Scéim ná an cur chuige lántumtha sna ranganna naíonáin sna bunscoileanna, áit a bhfuil an Ghaeilge mar an t-aon mheán teagaisc.

Tá pacáiste de thacaíochtaí curtha ar fáil do scoileanna, lena n-áirítear deontas chun acmhainní meán-Ghaeilge a cheannach, uaireanta tacaíochta teanga breise don Ghaeilge, forbairt ghairmiúil leanúnach breise á soláthar ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG),  agus treoirlínte ar an tumoideachas.

Tá an Scéim bunaithe ar an dul chun cinn leanúnach agus ar an bhforbairt ar an tumoideachas i scoileanna trí leas éifeachtach a bhaint as an bhféinmheastóireacht scoile, agus ar naisc fhiúntacha a chothú le pobal na scoile agus le heagrais phleanála teanga áitiúla chun úsáid na Gaeilge a leathnú. Cuireadh tús le próiseas deimhnithe chun aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Tá an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) ag comhoibriú leis an Aonad um Oideachas Gaeltachta chun meastóireacht ilbhliantúil ar an Scéim a chur i bhfeidhm. Thosaigh an obair seo ag tús 2018. Measadh go gcríochnófaí an obair ar an Scéim sa bhliain 2022. Mar sin féin, de dheasca na paindéime COVID-19, cuireadh síneadh dhá bhliain leis an Scéim, go dtí an bhliain 2024. Tá 103 bunscoil agus 29 n-iarbhunscoil rannpháirteach sa Scéim. Cuireann an Coiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta, atá faoi chathaoirleacht na Roinne Oideachais, comhairle ar fáil don Aonad um Oideachas Gaeltachta, agus, dá bhrí sin, don mheastóireacht.

Leagan amach an Staidéir

Is staidéar fadaimseartha atá i gceist a bhaineann úsáid as modhanna measctha: ceistneoirí suirbhé, measúnú ar ghnóthachtáil, agus cás-staidéir. Is iad na trialacha atá le riar ná ionstraimí reatha (iar-bhunscoileanna) agus trialacha nua (bunscoileanna), lena n-áirítear trialacha labhartha agus éisteachta. Tugtar imlíne thíos den méid atá i gceist.

  • 2019, 2020: Bailiú sonraí suirbhé bonnlíne, grúpaí fócais bonnlíne do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí i scoileanna cás-staidéir, forbairt trialacha
  • 2021, 2022: Bailiú sonraí gnóthachtála (bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna)
  • 2023, 2024: Bailiú sonraí suirbhé fadaimseartha (gach scoil), grúpaí fócais do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí (scoileanna cás-staidéir).

Ag tús na Scéime, bhí sé beartaithe scrúduithe gnóthachtála a reáchtáil faoi dhó ar a laghad. Faraor, de bharr an tionchar a bhí ag an bpaindéim COVID-19 ar scoileanna, aontaíodh go mbeadh sé ródheacair brí a bhaint as aon difríochtaí a tharlódh ar an bhfeidhmíocht agus cinneadh modh éagsúil a dhearadh le tionchar na Scéime a mheas. Dá réir sin, is iad seo a leanas na scrúduithe a riaradh i scoileanna sa Scéim (uair amháin) mar chuid den bhailiú sonraí bonnlíne:

  • Triail ar an Luathlitearthacht (Naíonáin Shinsearacha, Bunleibhéal)
  • Scrúdú Éisteachta (Rang a Sé, Bunleibhéal)
  • Scrúdú Cainte (Rang a Sé, Bunleibhéal)
  • Scrúdú Cainte (Tríú Bliain, Iar-bhunleibhéal)
  • Scrúdú Léitheoireachta Gaeilge (Dara Bliain, Iar-bhunleibhéal)

Gníomhaíochta do 2023-2024

  • C1/2023 – Tuarascáil eatramhach ar dhearcthaí scoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí agus scoláirí i mblianta tosaigh na Scéime.
  • C2/2023 – Tuarascáil ar ghnóthachtálacha.
  • C2-3/2023 agus C1/2024: Agallaimh iar-iniúchta sna scoileanna cás-staidéir.
  • C3/2023: Ceistneoirí iar-iniúchta a riar i ngach bunscoil agus iar-bhunscoil (príomhoidí, múinteoirí ranga agus tacaíochta, tuismitheoirí agus daltaí bunscoile; príomhoidí, múinteoirí Gaeilge, múinteoirí áirithe d’ábhair eile, tuismitheoirí agus scoláirí ag leibhéal na hiar-bhunscoile).
  • C3/2023-C1/2024: Anailís a dhéanamh ar na hagallaimh chás-staidéir agus tuairiscí a dhréachtú do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna.
  • C2-3/2024: Anailís ar shonraí na gceistneoirí agus tuairisc a dhréachtú do C3/2024.
  • C4/2024: Athbhreithniú a dhéanamh ar an tuairiscí a dréachtaíodh agus tuairisc dheiridh a chruthú.

Naisc:

Tuarascáil ar Scoileanna Cás-Staidéir rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta (2021).

An Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22

An t-Aonad Um Oideachas Gaeltachta