Comhroinnt Sonraí

Tá an FTO tiomanta do thaighde oideachais ardchaighdeáin a chumasú agus na caighdeáin is airde á gcomhlíonadh maidir le cosaint sonraí, rúndacht agus cleachtas eiticiúil. Chun tacú leis an tiomantas seo, agus chun an tAcht um Chomhroinnt Sonraí agus Rialachas a chomhlíonadh, úsáideann an FTO Comhaontuithe Comhroinnte Sonraí (CCSanna) chun soláthar agus comhroinnt sonraí taighde a rialú go slán agus go freagrach. Trína Chomhaontuithe Comhroinnte Sonraí, éascaíonn an FTO taighde luachmhar agus cearta agus príobháideacht daltaí, scoileanna agus rannpháirtithe eile á gcosaint.

Tá roinnt Comhaontuithe Comhroinnte Sonraí (CCSnna) sínithe ag an FTO le comhlachtaí earnála poiblí:

  1. An Roinn Oideachais agus Óige (ROÓ): Éascaíonn an CCS seo comhroinnt sonraí pearsanta ag an ROÓ leis an FTO chun críocha taighde oideachais agus forbairt trialacha. Is féidir an CCS seo a fheiceáil ag an nasc seo a leanas: https://assets.gov.ie/static/documents/doeerc-020_230803-dsa-for-independent-research-of-education-data.pdf
  2. Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS): Éascaíonn an CCS seo comhroinnt sonraí ag CSS leis an FTO maidir le hobair an FTO i gcomhionannas oideachais agus maidir le leithdháileadh acmhainní oideachais speisialta. Is féidir an CCS seo a fheiceáil ag an nasc seo a leanas: thttps://assets.gov.ie/static/documents/c66eadcb/SECERC_025_240718_DSA_for_DEIS_and_SET_Allocation_data.pdf
  3. Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS): Éascaíonn an CCS seo comhroinnt sonraí ag CSS leis an FTO d’obair an FTO i dtaighde oideachais agus i bhforbairt trialacha. Is féidir an CCS seo a fheiceáil ag an nasc seo a leanas: https://assets.gov.ie/static/documents/33cbf0a0/SECERC_026_240718_DSA_for_Studies_Test_Development_and_Independent_Research_d.pdf