Treochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta agus Eolaíochta (TIMSS)
Is tionscadal de chuid an Chumann Idirnáisiúnta um Mheasúnú Gnóthachtála Oideachais (IEA) é TIMSS (Treochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta Matamaitice agus Eolaíochta). I ngach tír rannpháirteach, bainistíonn Ionad Taighde Náisiúnta an staidéar. In Éirinn, comhlíonann an Foras Taighde ar Oideachas an ról seo. Tacaíonn Coiste Comhairleach Náisiúnta, faoi chathaoirleacht na Roinne Oideachais, agus le hionadaithe ó pháirtithe leasmhara oideachais agus saineolaithe ábhair leis an FTO san obair seo.
Is measúnú digiteach é TIMSS a dhéanann measúnú ar ghnóthachtáil daltaí sa Cheathrú agus san Ochtú grád go hidirnáisiúnta sa mhatamaitic agus san eolaíocht, ionann agus Rang a Ceathair agus an Dara Bliain in Éirinn. Cuireadh TIMSS i bhfeidhm gach ceithre bliana ó 1995 i leith. Tá Éire páirteach i dtimthriallta 1995, 2011, 2015, 2019, 2023, agus 2027.
Tá sé mar phríomhchuspóir ag TIMSS faisnéis a sholáthar ar féidir a úsáid chun an teagasc agus an fhoghlaim a fheabhsú. Bailíonn an staidéar faisnéis mhionsonraithe faoi churaclam, cleachtais teagaisc, agus acmhainní scoile. Tá an measúnú bunaithe ar chreatlacha measúnaithe cuimsitheacha, arna bhforbairt i gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, a shonraíonn an t-eolas, na scileanna, agus an tuiscint atá le measúnú. Tá tuilleadh faisnéise faoi TIMSS, lena n-áirítear an Creat Measúnaithe iomlán agus tuairisciú idirnáisiúnta, ar fáil ag https://timss.bc.edu/.
Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh sonraí faoi TIMSS, lena n-áirítear an Creat Measúnaithe iomlán agus tuarascálacha idirnáisiúnta.
Staidéar TIMSS 2027 in Éirinn
Tá Éire ar cheann de thart ar 65 tír atá rannpháirteach i TIMSS 2027. In earrach na bliana 2026, déanfar Triail Allamuigh TIMSS 2027 le samplaí roghnaithe go randamach agus ionadaíocha go náisiúnta de thart ar 40 bunscoil agus 30 iar-bhunscoil. Is é cuspóir an Triail Allamuigh triail a bhaint as ábhar tástála agus ceistneora nua i ngach tír rannpháirteach roimh an bPríomhstaidéar, a dhéanfar in earrach na bliana 2027.
Iarrtar ar dhaltaí atá rannpháirteach i TIMSS triail ríomhaire-bhunaithe ar mhatamaitic agus eolaíocht a chomhlánú. Tar éis na tástála, tugtar ceistneoir do dhaltaí ina gcuirtear roinnt ceisteanna orthu fúthu féin, a dtuairimí maidir leis an scoil, agus a dtuairimí faoin matamaitic agus faoin eolaíocht.
Tá sé mar aidhm ag TIMSS freisin faisnéis chúlra fhiúntach a bhailiú ó fhoinsí eile chun léargas níos fearr a fháil ar chóras oideachais na hÉireann. Iarrtar ar phríomhoidí, ar mhúinteoirí, agus ar thuismitheoirí/chaomhnóirí daltaí Rang a Ceathair i TIMSS ceistneoirí a chomhlánú freisin. Comhlánófar iad seo ar líne agus is cuid thábhachtach den staidéar TIMSS iad. Tá an fhaisnéis a bhailítear trí na ceistneoirí seo luachmhar chun torthaí an mheasúnaithe a léirmhíniú, agus chun léargas soiléir a thabhairt ar thaithí oideachais na ndaltaí.
- Tá tuilleadh eolais ar fáil do scoileanna, do dhaltaí agus do theaghlaigh anseo: TIMSS Information Sheet
- A full list of publications from TIMSS 2023, 2019, 2015, and 2011 in Ireland is available from the ERC.
Sonraí Teagmhála
Seoladh poist:
TIMSS
An Foras Taighde ar Oideachas
Campas Choláiste Phádraig
Droim Conrach
Baile Átha Cliath 9
D09 AN2F
Ríomhphost: timss.ireland@erc.ie
Fón:
- 01 8065 211 (Gráinne McHugh – Comhordaitheoir Taighde Náisiúnta do Rang a Ceathair)
- 01 8065 237 (Sylvia Denner – Comhordaitheoir Taighde Náisiúnta do Bhliain a Dó)
RGCS
Chomh maith le gnóthachtáil daltaí a thomhas sa mhatamaitic agus san eolaíocht, bailíonn TIMSS faisnéis chomhthéacsúil trí cheistneoirí a chomhlánaíonn daltaí, tuismitheoirí/ caomhnóirí, múinteoirí agus príomhoidí. Úsáidtear an fhaisnéis a bhailítear trí na ceistneoirí seo chun léargas níos iomláine a sholáthar ar thaithí na ndaltaí i gcóras oideachais na hÉireann.
Tá tuilleadh eolais faoin gcaoi a phróiseáiltear na sonraí do gach ceistneoir (lena n-áirítear sonraí maidir le rúndacht agus coinneáil sonraí) ar fáil sna naisc thíos.
An Coiste Comhairleach Náisiúnta (TIMSS Rang a Ceathair)
| Ainm | |
|---|---|
| Aedín Ní Thuathail | LPÉ |
| Aidan Clerkin | ERC |
| Áine Lynch | Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí – Bunscoil |
| Cormac Ó Tuairisg | Gaeloideachas |
| Eddie Fox | Oideachas le Chéile |
| Susan Grotewold | ROÓ An tAonad um Beartas Curaclaim agus Measúnaithe |
| Gráinne McHugh | ERC |
| Máirín Ní Chéileachair | LPÉ |
| Maria McGrath | ROÓ An Chigireacht, Cathaoirleach |
| Mark Bohan | ROÓ An tAonad um Beartas Curaclaim agus Measúnaithe |
| Micheál Killilea | ROÓ An tAonad um Chuimsiú Sóisialta |
| Patrick Sullivan | CNCM |
| Seán Delaney | Marino |
| Shane Leonard | Oide |
Coiste Comhairleach Náisiúnta (TIMSS An Dara Bliain)
| Ainm | |
|---|---|
| Aidan Clerkin | ERC |
| Anne O’Dwyer | Coláiste Mhuire Gan Smál |
| Elizabeth Smith | ROÓ |
| Gerry Hyde | CSS |
| Kathy O’Sullivan | Ollscoil na hÉireann, Gaillimh |
| Linda Ramsbottom | ROÓ, Cathaoirleach |
| Liz O’Neill | ROÓ |
| Mark Bohan | ROÓ |
| Niamh O’Meara | Ollscoil Luimnigh |
| Oliver McGarr | Ollscoil Luimnigh |
| Páraic Treacy | Coláiste Mhuire Gan Smál |
| Rachel Linney | CNCM |
| Paul Behan | CNCM |
| Ryan Gallagher | UCC |
| Sylvia Denner | ERC |