Staidéar ar Dhul Chun Cinn sa Litearthacht Léitheoireachta (PIRLS)
Faisnéis Chúlra
Déanann an Staidéar Idirnáisiúnta ar Dhul Chun Cinn sa Litearthacht Léitheoireachta (PIRLS) measúnú ar ghnóthachtáil léitheoireachta daltaí i rang a Ceathair (nó an leibhéal gráid coibhéiseach) i dtíortha ar fud an domhain. Is tionscadal de chuid An Chumainn Idirnáisiúnta um Mheasúnú Gnóthachtála Oideachais (IEA) é PIRLS, agus déanann Ionad Staidéir Idirnáisiúnta TIMSS agus PIRLS i gColáiste Boston bainistíocht air ar leibhéal idirnáisiúnta. Laistigh de gach tír rannpháirteach, déanann Ionad Taighde Náisiúnta bainistíocht ar an staidéar. In Éirinn, comhlíonann an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) an ról seo. Tacaíonn Coiste Comhairleach Náisiúnta, faoi chathaoirleacht na Roinne Oideachais agus Óige agus a chuimsíonn ionadaithe ó na príomhpháirtithe leasmhara oideachais, leis an FTO san obair seo.
Rinneadh PIRLS den chéad uair in 2001, agus tarlaíonn sé gach cúig bliana. Ghlac Éire páirt den chéad uair in 2011. In 2016, bhí Éire ar cheann de 14 tír a riar measúnú breise ríomhaire-bhunaithe ar litearthacht dhigiteach i dtimpeallacht idirlín insamhalta, dar teideal ePIRLS.
Tharla an timthriall is déanaí de PIRLS sa bhliain 2021 agus bhog go leor tíortha chuig measúnú digiteach sa timthriall sin. Cé go ndearnadh tástáil ríomhaire-bhunaithe don triail allamuigh in Éirinn san earrach 2020, d’fhill príomhstaidéar PIRLS in Éirinn ar thástáil pháipéirbhunaithe mar gheall ar chur isteach de bharr COVID-19. Ina theannta sin, cuireadh an tástáil in Éirinn agus i roinnt tíortha eile siar go dtí fómhar na bliana 2021 seachas an t-earrach agus bhí daltaí a bhí díreach tosaithe i Rang a Cúig páirteach ann.
PIRLS 2026 in Éirinn
Tá Éire ar cheann de thart ar 60 rannpháirtí – tíortha nó eintitis tagarmharcála (m.sh., ceantair tíortha) – i PIRLS 2026. Críochnaíonn an timthriall seo de PIRLS an t-aistriú go measúnú lán-dhigiteach, ag comhtháthú ‘tionscadail ranga’ ar a dtugtaí tascanna idirghníomhacha ePIRLS roimhe seo, chomh maith le téacsanna litearthachta níos traidisiúnta. Cuirfidh measúnú léitheoireachta digiteach PIRLS 2026 eispéireas measúnaithe léitheoireachta mealltach, tarraingteach ó thaobh amhairc de, agus idirghníomhach ar fáil do dhaltaí. Comhlánóidh daltaí i mbreis is 150 scoil in Éirinn measúnú PIRLS 2026 ar ríomhaire.
Toisc gur é PIRLS 2026 an bhliain ina mbeidh Éire ag aistriú ó thástáil pháipéirbhunaithe go tástáil dhigiteach, déanfar staidéar náisiúnta ar éifeacht an mhodha freisin. Beidh deis againn iniúchadh a dhéanamh ar mhéid na ndifríochtaí, más ann dóibh, atá i ngnóthachtáil léitheoireachta daltaí idir tástáil dhigiteach agus pháipéir. Comhlánóidh daltaí i suas le 50 scoil in Éirinn measúnú PIRLS 2026 ar pháipéar. Rinneadh triail allamuigh do PIRLS 2026 in Éirinn i 40 scoil san Earrach 2025.
Is príomhchuspóir de chuid PIRLS faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar ar féidir í a úsáid chun feabhas a chur ar theagasc agus ar fhoghlaim. Dá bhrí sin, bailíonn PIRLS faisnéis mhionsonraithe faoin gcuraclam agus a chur i bhfeidhm, faoi chleachtais teagaisc agus faoi acmhainní scoile. Bailítear sonraí ceistneora ó phríomhoidí scoile agus ó mhúinteoirí Rang a Ceathair i scoileanna rannpháirteacha, ó na daltaí féin agus óna dtuismitheoirí/caomhnóirí. Úsáidtear an fhaisnéis a bhailítear trí na ceistneoirí seo chun pictiúr níos iomláine a sholáthar ar thaithí na ndaltaí i gcóras oideachais na hÉireann. Mar shampla, tugann sé deis dúinn ceisteanna a fhreagairt ar nós ‘an mbíonn scóir níos airde sa léitheoireacht ag daltaí Rang a Ceathair a deir go mbaineann siad taitneamh as a gceachtanna léitheoireachta ar scoil?’
Cad ar a ndéantar measúnú?
Soláthraíonn Creata Measúnaithe PIRLS 2026 na sonraíochtaí dearaidh agus ábhair chun measúnú a dhéanamh ar ghnóthachtáil léitheoireachta daltaí agus chun faisnéis a bhailiú faoi chomhthéacsanna a bhforbartha léitheoireachta. Tá tuilleadh eolais faoin gCreat Measúnaithe Léitheoireachta, faoin gCreatl Comhthéacsúil agus faoin Dearadh Measúnaithe ar fáil ón IEA agus ó Boston College.
Further information
Conas a dhéantar measúnú ar dhaltaí?
Roghnaítear suas le trí rang a Ceathair go randamach i scoileanna sampláilte. Iarrtar ar dhaltaí sna ranganna seo dhá théacs a léamh (ar pháipéar nó ar ríomhaire) agus ceisteanna a fhreagairt fúthu. 40 nóiméad atá ar fáil mar am tástála do gach téacs le sos gearr eatarthu. Iarrtar ar dhaltaí ceisteanna a fhreagairt fúthu féin, faoina léitheoireacht agus faoina scoileanna freisin. Iarrtar ar thuismitheoirí/chaomhnóirí ceistneoir (ar pháipéar nó ar líne) a chomhlánú faoi nósanna léitheoireachta a linbh. Ní gá do dhaltaí ullmhú roimh ré don staidéar. Tá sé mar aidhm ag PIRLS léargas cruinn a bhailiú ar an leibhéil léitheoireachta ar leibhéal náisiúnta agus treochtaí a mheas thar thréimhse ama. Níl an fócas ar aon dalta nó scoil aonair agus ní shainaithnítear choíche aon dalta ná scoil aonair i dtuarascálacha PIRLS.
Samplaí d’ábhar trialach PIRLS
Tá cuid de na ceisteanna a úsáideadh i dtimthriallta roimhe seo de PIRLS ar fáil go poiblí. Míreanna ilroghnacha a bhí i gcuid acu agus, i gcásanna eile, bhí ar dhaltaí freagra a scríobh.
Cliceáil anseo chun féachaint ar:
RGCS agus Cosaint Sonraí
Chomh maith le gnóthachtáil daltaí sa léitheoireacht a thomhas, bailíonn PIRLS faisnéis chomhthéacsúil trí cheistneoirí a chomhlánaíonn daltaí, tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí, agus príomhoidí.
Úsáidtear an fhaisnéis a bhailítear trí na ceistneoirí seo chun léargas níos iomláine a sholáthar ar thaithí daltaí i gcóras oideachais na hÉireann. Mar shampla, tugann sé deis dúinn ceisteanna a fhreagairt ar nós ‘an mbíonn scóir níos airde sa léitheoireacht ag daltaí Rang a Ceathair a deir go mbaineann siad taitneamh as a gceachtanna léitheoireachta ar scoil?’
Tá tuilleadh eolais faoi rúndacht agus coinneáil sonraí ar fáil ag na naisc thíos:
Tá acmhainn foilsithe ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (CCS) chun cabhrú le scoileanna a n-oibleagáidí cosanta sonraí a chomhlíonadh nuair a bhíonn sonraí pearsanta leanaí á bpróiseáil acu. Le haghaidh tuilleadh eolais, is féidir rochtain a fháil ar an Tacar Uirlisí um Chosaint Sonraí do Scoileanna trí chliceáil ar an nasc seo a leanas: https://www.dataprotection.ie/sites/default/files/uploads/2024-12/DataProtection-ToolkitforSchools_EN_0.pdf [Tabhair faoi deara: tabharfaidh an nasc seo chuig suíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí thú].
Coiste Comhairleach Náisiúnta PIRLS d’Éirinn
Déanann an coiste comhairleach náisiúnta maoirseacht ar chur i bhfeidhm PIRLS agus cuirtear comhairle maidir le gach gné mhór den staidéar, lena n-áirítear ionchur a sholáthar don tuarascáil náisiúnta.
An Coiste Comhairleach Náisiúnta (PIRLS)
| Ainm | Cleamhnacht |
|---|---|
| Aedín Ní Thuathail | Líonra Príomhoidí Bunscoile Éireann |
| Áine Lynch | Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí – Bunscoil |
| Patrick Sullivan | An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta |
| Máirín Ní Chéileachair | Cumann Múinteoirí Éireann |
| Eddie Fox | Oideachas le Chéile |
| Micheál Killilea | An tAonad um Chuimsiú Sóisialta, An Roinn Oideachais |
| Mark Bohan | An Roinn Oideachais agus Óige |
| Maria McGrath | An Roinn Oideachais agus Óige |
| Seán Delaney | Institiúid Oideachais Marino |
| Shane Leonard | Oide, An Roinn Oideachais agus Óige |
| Cormac Ó Tuairisg | Gaeloideachas |
| Lorraine Gilleece | FTO, PIRLS 2026 |
| Brendan O’Neill | FTO, PIRLS 2026 |
| Jasmine Byrne | FTO, PIRLS 2026 |
| Sarah McAteer | FTO, PIRLS 2026 |
| Kervin Soobrayen | FTO, PIRLS 2026 |