Anailís Sonraí
Soláthraíonn an FTO tacaíocht go leanúnach don Roinn Oideachais maidir le hanailís agus samhaltú sonraí do chláir shonracha.
Samhail Leithdháilte Múinteoirí Oideachais Speisialta (MOS)
Tá an tsamhail leithdháilte Múinteoirí Oideachais Speisialta (MOS) i bhfeidhm ó 2017, bunaithe ar na moltaí a leagadh amach i dtuarascáil 2014 na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS), dar teideal Delivery for Students with Special Educational Needs: A better and more equitable way.
Bíonn an Roinn Oideachais gafa leis an bhForas Taighde ar Oideachas (FTO) chun eolas a sholáthar do chinnteoireacht a bhaineann leis an tsamhail, chun athbhreithnithe arna gcinneadh ag an Roinn a chur i bhfeidhm, agus chun leithdháiltí uaireanta teagaisc oideachais speisialta a ríomh. Reáchtálann an FTO, ag comhtháthú sonraí ó fhoinsí éagsúla, an tsamhail leithdháilte acmhainní faoi stiúir Ghrúpa Stiúrtha na Roinne/CNOS.
Ag deireadh na bliana 2022, chuir an Roinn tús le hathbhreithniú na samhla MOS chun a chinntiú go sásaíonn sé na riachtanais atá ag athrú i réimse an oideachais speisialta. Eisíodh na chéad leithdháiltí faoin tsamhail athbhreithnithe i mí Feabhra 2024. Próiseas leanúnach a bheidh in athbhreithniú na samhla, mar atá leagtha amach i gCiorcláin 0004/2025 agus 0005/2025. Go sonrach, léiríonn an dá Chiorclán “go dtuigeann an roinn, mar aon leis na páirtithe leasmhara, go gcaithfidh an tsamhail leanúint de bheith ag forbairt ionas go gcuirfidh próiseas leithdháilte MOS foinsí sonraí nua nó feabhsaithe agus athruithe eile laistigh den chóras scoile san áireamh. Tá an roinn an-eolach go mb’fhéidir go bhfuil sonraí breise ar fáil i scoileanna aonair nach bhfuil ar fáil go comhsheasmhach ar fud na scoileanna uile agus is príomhfhócas den treochlár córas cruinn agus infhíoraithe a fhorbairt chun sonraí den sórt sin a ghabháil. Tá plean ardleibhéil céimnithe curtha le chéile chun an tsamhail a fheabhsú tuilleadh sna blianta amach romhainn”.
Mar atá leagtha amach i gCiorcláin bhliantúla, déanfar leithdháiltí athbhreithnithe in aghaidh na bliana.
- Do bhunscoileana: Ciorclán 0004/2025
- Do iar-bhunscoileana: Ciorclán 0005/2025
- Le haghaidh tuilleadh eolais faoi leithdháileadh MOS, féach ar – Leithdháileadh Múinteoirí Oideachais Speisialta 2024/2025 mínithe