PISA 2025 – Eolas do Scoileanna, Múinteoirí agus Daltaí
Príomhstaidéar PISA 2025
Tá ullmhúcháin ar bun anois do Phríomhstaidéar PISA 2025, atá le tarlú in Éirinn i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2025. Iarrfar ar thart ar 8,000 dalta ó 172 scoil ar fud na hÉireann páirt a ghlacadh sa Phríomhstaidéar. Tabharfar cuireadh do phríomhoidí agus do chomhordaitheoirí eolaíochta ó na scoileanna seo, chomh maith le tuismitheoirí/caomhnóirí na ndaltaí rannpháirteacha, ceistneoirí a chomhlánú mar chuid den staidéar. Tá cóip de Chaighdeáin Theicniúla PISA ar fáil anseo.
Triail Allamuigh PISA 2025
Rinneadh Triail Allamuigh PISA 2025 idir Márta agus Aibreán 2024. Rinneamar an tástáil i 53 scoil agus rinneamar sampláil ar 50 dalta in aghaidh na scoile. Ghlac breis is 2,000 dalta páirt sa Triail Allamuigh. Ghlac príomhoidí agus comhordaitheoirí eolaíochta ó na 53 scoil seo páirt freisin, lena n-áirítear tuismitheoirí/caomhnóirí na ndaltaí rannpháirteacha.
Bhí measúnú agus ceistneoir na ndaltaí, chomh maith le ceistneoirí na scoile agus an chomhordaitheora eolaíochta, ríomhaire-bhunaithe go hiomlán. Ceistneoirí páipéar-bhunaithe a bhí ann do na tuismitheoirí.
Seachadadh Measúnú PISA trí mhodhanna ar líne agus as líne. Is gné nua de PISA 2025 an modh seachadta seo a forbraíodh chun a chinntiú go bhfeidhmeoidh an measúnú go réidh i scoileanna a bhfuil cumais idirlín éagsúla acu.
Achoimrí gearra ar thorthaí PISA
Foilsíonn an ECFE achoimrí gearra téamacha ar thorthaí PISA a d’fhéadfadh a bheith spéisiúil do dhaltaí, do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus do lucht déanta beartas.
Bain triail as trialacha PISA!
Bain triail as ceisteanna ó PISA anseo.
Polasaí maidir le rúndacht agus anaithnideacht.
Bailítear an fhaisnéis uile maidir le PISA in Éirinn i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus Staidrimh agus leis an RGCS. Tá rúndacht agus anaithnideacht na rannpháirtithe an-tábhachtach, agus ní chuirfear faisnéis faoi scoil aonair ar fáil ach don scoil sin agus ní scaoilfear í chuig scoileanna ná daoine aonair eile choíche. Ní scaoilfear faisnéis faoi mhúinteoirí, daltaí ná tuismitheoirí aonair choíche.
PISA & RGCS
Chomh maith le gnóthachtáil na ndaltaí sa mhatamaitic, san eolaíocht agus sa léitheoireacht a thomhas, bailíonn PISA faisnéis chomhthéacsúil trí cheistneoirí a chomhlánaíonn daltaí, tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí agus príomhoidí.
Úsáidtear an fhaisnéis a bhailítear trí na ceistneoirí seo chun léargas níos iomláine a thabhairt ar thaithí na ndaltaí i gcóras oideachais na hÉireann. Mar shampla, tugann sé deis dúinn ceisteanna a fhreagairt ar nós ‘an mbíonn scóir níos airde sa mhatamaitic ag daltaí cúig bliana déag d’aois a deir go mbaineann siad taitneamh as a gceachtanna matamaitice ar scoil?’.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin gcaoi a phróiseáiltear sonraí gach ceistneora (lena n-áirítear sonraí faoi rúndacht agus coinneáil sonraí) sna naisc thíos.
DEARBHÚ UM CHOSAINT SONRAÍ do tuismitheoirí /chaomhnóirí agus daltaí
DEARBHÚ UM CHOSAINT SONRAÍ do tuismitheoirí /chaomhnóirí agus mic léinn
DATA PROTECTION DECLARATION for teachers / science coordinators
DEARBHÚ UM CHOSAINT SONRAÍ do múinteoirí/comhordaitheoirí eolaíochta
DATA PROTECTION DECLARATION for principals
DEARBHÚ UM CHOSAINT SONRAÍ do phríomhoidí
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi bheartas cosanta sonraí an FTO, cliceáil anseo.
Sonraí Teagmhála
An Foras Taighde ar Oideachas
OCBÁC, Campas Naomh Pádraig,
Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9, D09 AN2F