An Clár um Mheasúnú Idirnáisiúnta ar Scoláirí (PISA)
Is measúnú idirnáisiúnta é an Clár um Mheasúnú Idirnáisiúnta ar Scoláirí (PISA) ar scileanna agus eolas daltaí 15 bliana d’aois, atá, i bhformhór na dtíortha, ag druidim le deireadh an oideachais éigeantaigh. Déanann PISA measúnú ar fheidhmíocht daltaí ar thascanna ‘fíorshaoil’ a mheastar a bheith ábhartha le haghaidh rannpháirtíocht éifeachtach i sochaí dhaoine fásta agus don fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Is tionscadal de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) é PISA. In Éirinn, déanann an Foras Taighde ar Oideachas bainistíocht ar an tionscadal thar ceann na Roinne Oideachais. Cuireann PISA le monatóireacht na Roinne ar an Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití 2024-2033.
Ón mbliain 2000 i leith, cuireadh PISA i bhfeidhm gach trí bliana, seachas an t-ochtú timthriall den staidéar a bhí le cur i bhfeidhm in 2021 ach cuireadh moill bliana air mar gheall ar phaindéim Covid-19. Cuireadh an naoú timthriall de PISA i bhfeidhm in 2025. Tá méadú tagtha ar líon na dtíortha rannpháirteacha ó 32 in 2000 go 90 do PISA 2025, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na staidéir is mó dá leithéid.
PISA 2025 – Le haghaidh tuilleadh faisnéis faoi PISA 2025 tabhair cuairt ar
Cad ar a ndéantar measúnú?
Is iad na hábhair nó na ‘réimsí’ a ndéanann PISA measúnú orthu ná litearthacht léitheoireachta, matamaitic agus eolaíocht. I ngach timthriall de PISA, bíonn ceann de na réimsí seo mar phríomhfhócas don mheasúnú (‘príomhréimse’), agus cuirtear níos lú béime ar na réimsí eile (‘foréimsí’). Sa bhliain 2025, beidh an eolaíocht mar phríomhréimse. Chun príomhchodanna Chreat Eolaíochta PISA 2025 a iniúchadh, féach ar shuíomh gréasáin an ECFE anseo.
Sna timthriallta is déanaí de PISA, forbraíodh réimsí nuálacha breise agus riaradh iad ar dhaltaí. Ghlac Éire páirt sa mheasúnú nuálach ar Réiteach Fadhbanna Cruthaitheach i PISA 2012 ach níor ghlac sí páirt sna measúnuithe nuálacha ar Réiteach Fadhbanna Comhoibríoch agus Inniúlacht Dhomhanda i dtimthriallta 2015 agus 2018 faoi seach. Smaointeoireacht Chruthaitheach a bhí mar réimse nuálach i dtimthriall 2022. Cé gur bhailigh Éire faisnéis chomhthéacsúil faoi rannpháirtíocht agus dearcthaí daltaí i leith na cruthaitheachta agus na smaointeoireachta cruthaithí, níor glacadh páirt sa mheasúnú cognaíoch. Is é an réimse cognaíoch nuálach do PISA 2025 ná Foghlaim sa Domhan Digiteach agus beidh Éire páirteach sa réimse cognaíoch seo don timthriall sin.
| Timthriall | Príomhréimse | Foréimse agus Réimsí Nuálacha |
|---|---|---|
| PISA 2000 | Litearthacht léitheoireachta | Matamaitic, Eolaíocht |
| PISA 2003 | Matamaitic | Litearthacht léitheoireachta, Eolaíocht, Réiteach fadhbanna traschuraclaim |
| PISA 2006 | Eolaíocht | Litearthacht léitheoireachta, Matamaitic |
| PISA 2006 | Eolaíocht | Litearthacht léitheoireachta, Matamaitic |
| PISA 2009 | Litearthacht léitheoireachta | Matamaitic, Eolaíocht |
| PISA 2012 | Matamaitic | Litearthacht léitheoireachta, Eolaíocht, Réiteach fadhbanna cruthaitheach |
| PISA 2012 | Matamaitic | Litearthacht léitheoireachta, Eolaíocht, Réiteach fadhbanna cruthaitheach |
| PISA 2015 | Eolaíocht | Matamaitic, Litearthacht léitheoireachta, Réiteach fadhbanna comhoibríoch |
| PISA 2018 | Reading literacy | Matamaitic, Eolaíocht, Inniúlacht Dhomhanda |
| PISA 2022 | Matamaitic | Litearthacht léitheoireachta, Eolaíocht, Réiteach fadhbanna cruthaitheach |
| PISA 2025 | Eolaíocht | Matamaitic, Litearthacht léitheoireachta, Foghlaim sa Domhan Digiteach |
Conas a dhéantar measúnú ar dhaltaí?
Tá PISA tar éis aistriú go measúnú ríomhaire-bhunaithe; ó 2015 i leith, tá nach mór gach tír rannpháirteach, Éire san áireamh, ag riaradh PISA go hiomlán ar ríomhaire. I dtimthriallta roimhe seo de PISA, mar aon le measúnuithe páipéir-bhunaithe ar litearthacht léitheoireachta, matamaitic agus eolaíocht a chomhlánú, riaradh measúnuithe roghnacha breise ar litearthacht dhigiteach, matamaitic ríomhaire-bhunaithe agus réiteach fadhbanna. Is féidir tástáil oiriúnaitheach a dhéanamh ar ardán ríomhaire-bhunaithe agus cuidíonn sé seo le cruinneas agus cothroime a fheabhsú i dtástáil. Ag baint úsáide as cur chuige ilchéime, is féidir an tástáil a oiriúnú do leibhéal cumais gach dalta – tosaíonn daltaí ar shraith choiteann míreanna, agus ansin, ag eatraimh, téann siad ar aghaidh go míreanna ar leibhéal deacrachta níos ísle nó níos airde, bunaithe ar a bhfeidhmíocht roimhe sin. Dearadh tástáil oiriúnaitheach do litearthacht léitheoireachta agus matamaitic agus cuireadh i bhfeidhm go hiomlán í in 2018 agus 2022, faoi seach. Maidir le PISA 2025, cuirfear tástáil oiriúnaitheach i bhfeidhm don mheasúnú ar eolaíocht, príomhréimse an mheasúnaithe.
Mar aon le measúnú a dhéanamh ar ghnóthachtálacha daltaí, bailíonn PISA faisnéis chomhthéacsúil mhionsonraithe ó dhaltaí, ó thuismitheoirí, ó mhúinteoirí agus ó phríomhoidí trí cheistneoirí comhthéacsúla. In Éirinn, beidh ceistneoirí na ndaltaí, na dtuismitheoirí agus na bpríomhoidí scoile mar chuid den mheasúnú in 2025. Ina theannta sin, iarrfar ar chomhordaitheoirí eolaíochta ceistneoir arna fhorbairt go náisiúnta a chomhlánú mar chuid de riarachán PISA 2025 in Éirinn.
Coiste Comhairleach Náisiúnta PISA d’Éirinn (2022-2025)
Déanann an coiste comhairleach náisiúnta maoirseacht ar chur i bhfeidhm PISA agus cuirtear comhairle ar fáil maidir le gach gné mhór den staidéar, lena n-áirítear na hábhair mheasúnaithe a athbhreithniú agus ionchur a sholáthar don tuarascáil náisiúnta.
An Coiste Comhairleach Náisiúnta
| Ainm | Staidéar |
|---|---|
| Rachel Perkins | An Foras Taighde ar Oideachas, Ionadaí Bhord Rialaithe PISA |
| Anastasios Karakolidis | An Foras Taighde ar Oideachas, Bainisteoir Tionscadail Náisiúnta 2025 |
| Brenda Donohue | An Foras Taighde ar Oideachas, Bainisteoir Tionscadail Náisiúnta 2022 |
| Linda Ramsbottom | An Roinn Oideachais, An Chigireacht |
| Liz O’ Neill | An Roinn Oideachais, An Chigireacht |
| Elizabeth Smith | Department of Education, Inspectorate |
| Evelyn O’ Connor | An Roinn Oideachais, Curaclaim agus Beartais |
| Paul Behan | An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta |
| Rachel Linney | An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta |
| Brian Murphy | University College Cork (UCC) |
| Ryan Gallagher | UCC |
| Brian Murphy | University College Cork (UCC) |
| Gerry Hyde | Coimisiún na Scrúduithe Stáit |
| Conor Galvin | Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD) |
| Odilla Finlayson | Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) |
| Ronan Flatley | Coláiste Mhuire Gan Smál |
Tá Téarmaí Tagartha Choiste Comhairleach Náisiúnta PISA ar fáil anseo.
Conas a riartar PISA go hidirnáisiúnta?
Déanann Rúnaíocht Oideachais ECFE maoirseacht ar PISA. Comhaontaíonn Bord Rialaithe PISA, ar a bhfuil ionadaíocht ag gach tír, gach príomhghné de PISA. I ngach tír, déanann Bainisteoirí Tionscadail Náisiúnta maoirseacht ar riarachán PISA.
Rinne institiúid chomhghuaillíochta PISA 2018 agus PISA 2022 a chur i bhfeidhm ar an leibhéal idirnáisiúnta, faoi stiúir The Educational Testing Service, SAM. Cuirfidh comhghuaillíocht, faoi stiúir an Australian Council for Education Research (ACER), PISA 2025 i bhfeidhm.
Cé a ghlacann páirt i PISA?
Déanann PISA measúnú ar dhaltaí 15 agus 16 bliana d’aois, toisc go bhfuil daltaí ag an aois seo ag druidim i dtreo dheireadh na scolaíochta éigeantaí i bhformhór na dtíortha ECFE. Ar dtús, roghnaítear sampla ionadaíoch de scoileanna (a léiríonn meascán de scoileanna de réir méide, suímh, cineáil, agus inscne mar aon le comhdhéanamh socheacnamaíoch).
Ansin, déantar sampláil ar dhaltaí laistigh de na scoileanna rannpháirteacha.
In Éirinn, baineann na daltaí rannpháirteacha leis an tsraith shóisearach agus an tsraith shinsearach araon. Cuireann PISA dianchaighdeáin theicniúla i bhfeidhm, mar sin ní mór do na rátaí freagartha a bheith ard. Caithfidh 85% de scoileanna, agus 80% de dhaltaí, páirt a ghlacadh chun go measfar na torthaí a bheith bailí.
I gcás PISA 2025, iarrfar ar thuismitheoirí/chaomhnóirí na ndaltaí a ghlacann páirt sa mheasúnú ceistneoir tuismitheora a chomhlánú a chuireann ceisteanna faoi thimpeallacht bhaile na ndaltaí. Tugadh isteach an ghné seo de PISA in Éirinn den chéad uair in 2015. Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh an oiread tuismitheoirí agus is féidir ceistneoir ar ais ionas go measfar na torthaí a bheith bailí agus gur féidir leo cur le forbairt beartais oideachais.
Iarrtar ar phríomhoidí na scoileanna rannpháirteacha ceistneoir a chomhlánú freisin ina gcuirtear ceisteanna faoi bhainistíocht, acmhainní, beartais agus cleachtais na scoile. I ngach timthriall den staidéar, forbraíonn an FTO ceistneoir náisiúnta do mhúinteoirí nó do chomhordaitheoirí ábhair a bhfuil an ‘príomhréimse’ á theagasc acu. Ós rud é gurb í an eolaíocht an príomhréimse, nó an príomhfhócas, den mheasúnú in 2025, iarrfar ar chomhordaitheoirí eolaíochta nó ar cheannairí ranna eolaíochta i ngach scoil rannpháirteach an ceistneoir seo a chomhlánú ina gcuirtear ceisteanna faoi eagrú na foghlama eolaíochta laistigh den scoil. I gcás PISA 2022, tugadh cuireadh do mhúinteoirí agus do chomhordaitheoirí matamaitice ceistneoir a chomhlánú.
| Freagróir | Uirlis |
|---|---|
| Daltaí | Measúnú PISA Ríomhaire-Bhunaithe (2 uair an chloig) agus Ceistneoir Daltaí (50 nóiméad) |
| Príomhoide Scoile | Ceistneoir Scoile Ar Líne (1 uair an chloig) |
| Múinteoirí nó Comhordaitheoir Ábhair do ‘phríomhréimse’ | Ceistneoir Múinteora nó Comhordaitheoir Ábhair Ar Líne (30 nóiméad) |
| Tuismitheoirí | Ceistneoir Tuismitheora Páipéar-bhunaithe (35 nóiméad) |