Gairmeacha
Déanann an FTO a dhícheall fanacht chun cinn ar na hathruithe móra atá ag tarlú san earnáil oideachais in Éirinn, amhail dul chun cinn sa teicneolaíocht, an éagsúlacht atá ag méadú laistigh dár ndaonra daltaí, agus cuir chuige oideolaíocha atá ag teacht chun cinn. Déantar taighde a dhíríonn ar dhúshláin reatha agus ar riachtanais atá ag teacht chun cinn inár gcóras oideachais agus cuirtear róil spreagúla agus dúshlánacha ar fáil do dhaoine aonair a bhfuil dul chun cinn gairme á éileamh acu i dtimpeallacht oibre chomhoibríoch agus dhinimiciúil.
Cuireann an FTO deiseanna ar fáil go rialta i raon réimsí lena n-áirítear:
- Taighde Oideachasúil
- Forbairt Trialacha
- Oibríochtaí (TF, Oibríochtaí Taighde, Cosaint Sonraí, Rannóg Tástála)
- Seirbhísí Corparáideacha (Airgeadas, AD, Rialachas, Soláthar)
Folúntais Reatha
Níl aon fholúntais againn faoi láthair. Seiceáil ar ais go rialta le haghaidh nuashonruithe.
Sochair
Mar aon le gairm bheatha tairbheach agus dúshlánach, i measc na sochar a chuireann an FTO ar fáil, tá:
- Tuarastal iomaíoch, (Bronnfar méaduithe pá go bliantúil faoi réir feidhmíochta sásúla)
- Scéim pinsin na hEarnála Poiblí
- Socruithe oibre flaithiúla hibrideacha agus solúbtha, le tiomantas do chothromaíocht oibre is saoil agus d’ionad oibre a thacaíonn leis an teaghlach
- Deiseanna forbartha pearsanta trí oideachas acadúil urraithe ag an bhfostóir
- Foghlaim saincheaptha inmheánach
- Rochtain ar Chlár Cúnaimh d’Fhostaithe (CCF)
- Ticéid Sábhála Cánach
- Scéim na Rothar chun Oibre
- Tionscnaimh agus cláir Folláine
Comhdheiseanna
Is fostóir comhdheiseanna é an FTO agus tá sé tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú san ionad oibre.
Cothromas, éagsúlacht & cuimsiú
Is fostóir comhdheiseanna é an FTO, atá tiomanta do lucht saothair cuimsitheach agus éagsúil a mhealladh, a earcú, a fhorbairt agus a choinneáil ina léirítear luachanna na heagraíochta.
Tacaíonn an FTO le comhionannas deiseanna, éagsúlacht agus cuimsiú agus spreagtar daoine ó ghrúpaí tearcionadaíochta chun iarratais a dhéanamh. Oibrímid chun cultúr a chruthú ina bhfuil rochtain chomhionann ag gach duine ar dheiseanna i dtimpeallacht thacúil agus chothaitheach.
Cuirfear socrú réasúnta ar fáil, más gá, le linn an phróisis earcaíochta.
Socrú Réasúnta:
Is féidir le hiarrthóirí a bhfuil socrú réasúnta de dhíth orthu leis an bpróiseas iarratais nó agallaimh plé faoi rún a dhéanamh ar shocrú trí theagmháil a dhéanamh leis an FTO ar aon cheann de na bealaí seo a leanas (agus an spriocdháta le haghaidh iarratais á choinneáil san áireamh):
- Seol ríomhphost chuig hr@erc.ie (déan tagairt don phost ar a bhfuil tú ag déanamh iarratais).
- Glaoigh ar 01 837 37 89 agus iarr labhairt le Niamh Goucher.
- Scríobh chuig: An Roinn AD., FTO, DCU Campas Choláiste Naomh Pádraig, Droim Chonrach, Baile Átha Cliath 9, D09 AN2F.
D’fhéadfaí a iarraidh ar iarrthóirí, ar mian leo leas a bhaint as socrú réasúnta, tuarascáil a fháil ó ghairmí leighis agus í a chur isteach chun cabhrú le socrú oiriúnach a chinneadh.
Ceisteanna Coitianta Earcaíochta
Conas a dhéanaim iarratas ar phost?
Nuair a eascraíonn folúntais, cuirimid iad ar ár suíomh gréasáin. Chun iarratas a dhéanamh ar ról, lean na céimeanna atá leagtha amach ar an bhfógra poist. Tabhair faoi deara: ní ghlactar le hiarratais gan iarraidh.
Cathain a chloisfidh mé ar ais tar éis iarratas a dhéanamh?
Nuair a bheidh an dáta deiridh caite, déanfaimid athbhreithniú ar na hiarratais uile a fhaightear. Féadfaidh ár bpróiseas earcaíochta tamall a thógáil ag brath ar líon na n-iarratas ach tá sé mar aidhm againn freagra a thabhairt ar gach duine chomh luath agus is féidir. Nuair a bheidh an próiseas críochnaithe, cuirfimid in iúl duit an bhfuil cuireadh á thabhairt duit chuig an gcéad chéim eile den phróiseas.
An féidir liom iarratas a dhéanamh ar iliomad ról?
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an oiread post agus is mian leat. Má fheiceann tú post a cheapann tú atá oiriúnach duit, lean an próiseas iarratais mar a thuairiscítear thuas. Déantar measúnú ar gach iarratas ina aonar. Mura bhfuil tú cinnte, déan teagmháil le hr@erc.ie
An bhfuil an tuarastal inphléite?
Cuirtear polasaí pá na hearnála poiblí in iúl dúinn agus dá bhrí sin níl an tuarastal inphléite. Luafar an scála tuarastail a bhaineann leis an ról sa leabhrán faisnéise d’iarrthóirí.
Má éiríonn leat, tosóidh tú ar an gcéad phointe den scála seo. Is é an t-aon eisceacht don riail seo ná má tá do fhostóir reatha (nó an fostóir is déanaí agat) mar chuid den státseirbhís/earnáil phoiblí freisin, agus sa chás sin féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an tuarastal a tairiscíodh duit. Ní bhaineann an eisceacht dheireanach seo ach nuair a bhaineann do ról reatha sa státseirbhís/sa tseirbhís phoiblí leis an bpost a bhfuil iarratas á dhéanamh agat air leis an FTO agus go meastar go bhfuil sonraíocht an phoist den chineál céanna.
Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe tuarastail seo, iarrfaimid ort litir a sholáthar ó d’fhostóir reatha/is déanaí ina sonraítear do thuarastal agus do ghrád. Déanfaimid athbhreithniú air seo ansin chun a chinneadh an bhfuil do thaithí den chineál céanna agus an gcaithfear do phointe tuarastail a choigeartú.
Cad a tharlaíonn mura mbíonn an t-iarratas istigh roimh an spriocdháta?
Fógraítear gach ról ar feadh coicíse iomlán ar laghad. Luaitear an spriocdháta agus an t-am ar an bhfógra poist agus cloítear go docht leis. Faraor, más mian leat iarratas a dhéanamh ach go bhfuil an dáta deiridh caite, ní féidir glacadh le d’iarratas. Déantar é seo ar mhaithe le cothroime a chinntiú do gach iarrthóir.
Cad a tharlaíonn má bhíonn fadhbanna teicniúla agam agus nach féidir liom m’iarratas a uaslódáil?
Má bhíonn fadhbanna teicniúla agat agus tú ag cur isteach ar ról, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann earcaíochta ag hr@erc.ie .
Tugadh cuireadh dom chun agallaimh. Cad lena mbeifear ag súil leis ón bpróiseas?
Eiseofar fógra faoi dháta agus am an agallaimh chuig na hiarrthóirí ag an seoladh ríomhphoist a chuir siad ar fáil ina gcuid iarratas. Ba chóir d’iarrthóirí a bheith ar fáil ar an dáta/na dátaí a shonraíonn an FTO agus ba chóir dóibh cruinneas na sonraí teagmhála ar a n-iarratas a chinntiú.
Úsáideann an FTO cur chuige inniúlacht-bhunaithe maidir le hagallaimh. Tá na réimsí ar a ndéanfar rú a mheas san agallamh liostaithe sa leabhrán faisnéise d’iarrthóirí. Nuair a thugtar cuireadh duit chun agallaimh, cuirfear tú ar an eolas faoi chomhdhéanamh an phainéil agallaimh (tabhair faoi deara go mbeidh sé sin faoi réir athraithe).
Advice for Public Service Jobs
Coimeádann an FTO an ceart aige féin agallaimh a dhéanamh go cianda ar líne nó duine le duine de réir mar is gá, agus a iarraidh freisin ar iarrthóirí freastal ar dhara agallamh agus/nó measúnuithe nó tástálacha breise a dhéanamh de réir mar is cuí agus is gá tar éis an chéad agallaimh m.sh. cur i láthair nó aon trialacha nó cleachtaí eile a mheasfar a bheith oiriúnach mar aon le tástáil teanga/cumarsáide (ó bhéal agus/nó scríofa).
Cuirfear sonraí aon obair leantach dá leithéid in iúl d’iarrthóirí seachtain roimh ré ar a laghad.
An féidir liom an t-agallamh a ath-sceidealú?
Ba chóir d’iarrthóirí a bheith ar fáil ar an dáta agus an t-am a shanntar dóibh le haghaidh agallaimh. I gcás nach bhfuil iarrthóirí ar fáil, déanfaidh an FTO iarracht an t-agallamh a ath-sceidealú. I bhfianaise shrianta an phainéil agallaimh agus infhaighteacht na bpainéalaithe, ní bheidh sé sin indéanta i gcónaí.
Ní bheidh aon éileamh breise ar bhreithniú ag iarrthóirí nach bhfreastalaíonn ar agallamh nó ar aon ghné eile den phróiseas roghnúcháin san áit agus ag an am a éilíonn an FTO, nó nach soláthraíonn, nuair a iarrtar orthu, an fhianaise sin a éilíonn an FTO maidir le haon ábhar a bhaineann lena n-iarratas.
Cathain a chloisfidh mé ar ais faoi thorthaí agallaimh?
Cuirfear toradh an phróisis in iúl duit a luaithe is féidir, nuair a bhíonn na hagallaimh go léir don phost déanta. Má ofráiltear ról duit, beidh an tairiscint seo faoi réir seiceálacha réamhfhostaíochta sásúla. Áirítear leis na seiceálacha seo tagairtí ó fhostóirí roimhe seo agus bailíochtú cáilíochtaí. Ní dhéanfar teagmháil le d’fhostóir gan cead uaitse roimh ré.
Rinneadh áit a thairiscint dom ar phainéal. Conas a fheidhmíonn sé sin?
Maidir le roinnt comórtas, a luaithe a fhostaítear an t-iarrthóir leis an scór is airde, féadfar painéal d’iarrthóirí rathúla a bhunú (in ord fiúntais). Má thagann an cineál céanna folúntais chun cinn laistigh de ré ghníomhach an phainéil, déanfar an post a ofráil don iarrthóir ag a bhfuil an chéad áit ar an bpainéal. Má dhiúltaítear, déanfar tairiscintí in ord fiúntais go dtí go líonfar an folúntas nua. De ghnáth bíonn ár bpainéil gníomhach ar feadh 12 mhí, go huasmhéid 18 mí.