Cosaint Sonraí, GDPR & AIE
Tá Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) ag an ERC a bhfuil freagracht fhoriomlán air/uirthi as cosaint sonraí. Is ról reachtúil é an OCS a éascaíonn d’ábhair sonraí a gcearta a fheidhmiú faoin GDPR agus faoin Acht um Chosaint Sonraí in Éirinn, 2018.
Cosaint Sonraí & Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR)
Tá impleachtaí ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) maidir le haon ghníomhaíochtaí próiseála sonraí ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil. Tá impleachtaí aige seo maidir leis an gcaoi a n-oibríonn an ERC le scoileanna, le daoine aonair agus comhlachtaí atá ag obair san earnáil oideachais, le Ranna Rialtais etc. ina ndéantar sonraí pearsanta a roinnt. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin GDPR, tá an suíomh Gréasáin seo a leanas bunaithe ag Oifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí a sholáthraíonn eolas faoin GDPR http://gdprandyou.ie/
Chun ár Ráiteas Príobháideachais a fheiceáil, cliceáil anseo le do thoil.
Chun ár mBeartas Fianán a fheiceáil, cliceáil anseo le do thoil.
Chun ár Séanadh Ríomhphoist a fheiceáil, cliceáil anseo le do thoil.
Córas Tástála Ar Líne ERC Dhroim Conrach
Iarratas Rochtana Ábhair (SAR)
Deir an GDPR go bhfuil sé de cheart ag daoine aonair rochtain a fháil ar fhaisnéis faoina sonraí pearsanta ó eagraíocht. Tá faisnéis faoi pholasaí SAR an ERC agus an Fhoirm SAR ar fáil thíos.
Nóta: Moltar do mhic léinn, nó do thuismitheoirí mac léinn (faoi bhun 18 mbliana d’aois), atá ag iarraidh eolais thar ceann a bpáistí, a bhFoirm SAR a chur isteach tríd an scoil a bhfuil an mac léinn ag freastal uirthi faoi láthair. Is chun cabhrú linn do shonraí a chosaint atá sé seo trí chabhrú linn a dheimhniú go bhfuil an t-iarratas ar eolas ag teacht ón duine ceart.
Chun ár mBeartas um Iarratais Rochtana Ábhair (SAR) a fheiceáil cliceáil anseo .
Chun Foirm Iarratas Rochtana Ábhair (SAR) a fháil, cliceáil anseo .
Fiosrúcháin
Is é Damian Downes – Ceann Rialachais agus Seirbhísí Corparáideacha – an tOifigeach Cosanta Sonraí don ERC.
Seol ceisteanna faoi chosaint sonraí agus GDPR chuig:
Ríomhphost chuig: Data.Protection@erc.ie
Seol chuig: An tOifigeach um Chosaint Sonraí, An tIonad Taighde Oideachais, DCU, Campas Naomh Pádraig, Bóthar Dhroim Conrach Uachtarach, Baile Átha Cliath D09 AN2F
Teileafón: (01) 837 3789
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara um Chosaint Sonraí freisin:
Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2014 (dá ngairtear Rialacháin an AIE feasta), cearta dlíthiúla dóibh siúd atá ag iarraidh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ó údaráis phoiblí. Faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá i seilbh údarás poiblí, nó thar ceann údarás poiblí, a sholáthar d’aon duine ar iarratas, faoi réir eisceachtaí áirithe. Le haghaidh tuilleadh eolais, cliceáil anseo.