Maths as Gaeilge
Triail Nua Mhatamaitice Dhroim Conrach do Bhunscoileanna (TMDB Nua)
Key Information: XXXX, XXXX, XXXX
Ready to Order?
Order nowIs í an TMDB Nua an príomhthriail chaighdeánaithe atá forbartha go sonrach le dáileadh ar ghrúpaí i mbunscoileanna na hÉireann.
- Tá an TMDB roinnte i sé leibhéal, áit a bhfuil a foirmeacha comhuaineacha ann le haghaidh
- daltaí Rang a a haon suas go Rang a Sé.
- Tá ábhar nuacheaptha sa TMDB agus deineadh é a chaighdeánú i measc sampla de daltaí bunscoile in Éirinn in earrach na bliana 2018.
- Tugann na trialacha aghaidh ar na spriocanna a bhí leagtha amach sa Churaclam Matamaitice Bunscoile 1999, áit a bhfuil teacht ar roinnt fadhbanna matamaitice atá lonnaithe i gcomhthéacsanna a bhaineann leis an saol nithiúil.
- Tá an triail deartha sa chaoi agus go mbeadh sé tarraingteach do dhaltaí i ngach rangleibhéal.
- Is féidir teacht ar íomhánna lándaite sa triail atá deartha go proifisiúnta.
Tuairisciú
Leibhéal 1 – Scagthástáil ar an triail (Rang a haon)
Moltar go ndéanfar an triail seo a riar ar ghrúpaí beaga daltaí (~8), más féidir. Déanann Leibhéal a hAon scór caighdéanach a sholáthar, maraon le tuairisc crostagartha ar an gcritéar (Ní dhéantar tuairisc ar scóir STen ná raonta peircintíle a sholáthar don rangleibhéal seo). Chomh maith le tuairisc matamaitice ar an iomlán, bristear síos na torthaí maidir leis na hábhair éagsúla.
- Uimhreas/Ailgéabair
- Tomhais
- Cruth agus Spás/Sonraí
Is féidir briseadh síos a fháil ar fheagraí de réir Aonad Snáithe I bPróifíl Aonair an Dalta (a fhaightear sa leabhrán). Ina theannta sin, is féidir mionléamh a fháil ar gach ceist má úsáidtear an Tuairisc ar Choincheapa agus Scileanna.
Leibhéil 2-6 (Rang a Dó go Rang a Sé)
Tá na trialacha seo deartha ionas go riarfar iad ar ghrúpaí ranga iomlána. Is féidir amhscóir, scóir STen agus ar oird pheircintíle a ríomh le haghaidh:
- Matamaitic Iomlán
- Réimsí Ábhair: Uimhreas/Ailgéabair; Tomhais: agus Cruth & Spás/Sonraí
- Scileanna Próiseála: Tuiscint agus Cur chun Feidhme; Comhtháthú, Réasúnú agus Réiteach Fadhbanna
Na Trialacha a Riar
Is féidir le daltaí ag Leibhéal 1 agus 2 a bhfreagraí a mharcáil ina leabhráin trialach. Marcálann an múinteoir iad seo de léámh. Léitear Leibhéal 1 den triail os ard chuig na daltaí ó thús deireadh.
Úsáideann daltaí ag Leibhéal 3 agus 6 bileoga freagraín. Is féidir na leabhráin a athúsáid ag na leibhéil seo. Is féidir Leibhéal 3 go 6 a riar ag an am céanna i ranganna ilghráid. Tá an rogha ag múinteoirí iad a mharcáil de láimh nó ár seirbhís ‘inneall-scórála’ a úsáid.
Trialach an Earraigh & an Fhómhair
Is iad na noirm atá in úsáid don TMDB Nua ná noirm an earraigh, a thagann le treoirlínte an rialtais. Is féidir na trialacha a úsáid san fhómhar dar gcionn más rud é go dteastaíonn ó scoileanna é seo a dhéanamh m/sh is féidir trialacha Leibhéal a Trí a úsáid do dhaltaí atá ag tús Rang a Ceathair. Tabhair faoi ndeara nach ionann é seo agus comparáid dhíreach idir an dá thriail, ach de ghnáth ní bhíonn ach miondhifríochtaí i gceist idir an t-earrach agus an fhómhar. I láthair na huaire, níl scála trialach leathan ag an TMDB Nua.
Le haghaidh breis eolais ar an tionchar a bhíonn ag an gCuraclam Bunscoile 2023 ar na trialacha Mhatamaitice Dhroim Conrach, tabhair cuairt ar an https://www.tests.erc.ie/2023primarymathscurriculum
Triail Mhatamatice Dhroim Conrach (Ar líne)
Is éard atá i dTriail Mhatamatice Dhroim Conrach ná tacar sonraí de mheasúnuithe caighdeánaithe (gnóthachtáil mhatamatice) bunaithe ar an gcuraclam. Tá sé dírithe ar dhaltaí bunscoile in Éirinn.
Ag gach grád leibhéal, tá trí foirmeacha comhuaineacha. Tá leibhéal níos practiciúla ag an DPMT nua ná mar a bhí ag a réamhtheacta. Ag an am céanna, tá sé fós ag cumhdú na hábhair tábhachtacha agus scileanna próiseála ina ndéantar cur síos orthu sa churaclam reatha. Tá an triail nua níos giorra ná seanleaganacha (50 mír, in ionad 75), chun méadú a dhéanamh ar rannpháirtíocht agus aird na ndaltaí. Léiríonn na comhthéacsanna difrúla a úsáidtear, agus na híomhánna (atá éasca do pháistí a úsáid), an daonra éagsúil atá i mbunscoileanna na hÉireann.
Is féidir le scoileanna atá ag riaradh an triail ar líne tuairiscí uathoibríoch a ghineadh díreach tar éis na trialacha, saor in aisce. Chomh maith le scóir san iomlán, taispeánann tuairiscí scóir ar leith le haghaidh na gnéithe a bhaineann le hUimhreas/ An Ailgéabair/ Tomhais, Spás agus Cruthú/ Sonraí agus Seans. Ina theannta sin, léiríonn siad briseadh síos ar scileanna próiséala, ag úsaid dhá fhoscála: Tuiscint & Cur i bhFeidhm agus Comhtháthú, Réasún & Réitiú Faidhbe.
-
Caighdeánaithe ar sampla ionadaíoch náisiúnta san earrach sa bhliain 2018.
-
Fad: 70 nóiméad (dhá chuid de 35 nóiméad). Tabhair ~deich nóiméad sa bhreis le haghaidh logáil isteach agus an cleachtadh, agus deich nóiméad sa bhreis~ le haghaidh an briseadh idir gach cuid.
-
Spriocghrúpa: Daltaí atá ag deireadh Rang a Trí, Rang a Ceathair, Rang a Cúig agus Rang a Sé.
-
Deartha chun gur féidir riarachán grúpa a dhéanamh gan stró.
-
Scóráil uathoibríoch agus tuairisciú
Gnéithe na dtrialach
- 50 ceist ilrogha
-
Roinntear an triail ina dhá chuid, le 25 ceist i ngach cuid.
-
Ceadaítear áireamháin le haghaidh an dara cuid ó Rang a ceathair go Rang a sé.
-
Déantar measúnú ar gach ábhar agus scileanna próiseála sa dá chuid.
-
Cuirtear béim ar chomhthéacsanna an tsaoil agus ag an am céanna, déantar measúnú ar ghnásanna thábhachtacha.
-
Coimeádann sé fócas an réamhthachta ar scileanna ag leibhéal níos airde i.e. nascadh, réasúnú agus réitiú faidhbe.