Tá an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) ag athfhorbairt na trialacha luathlitearthachta agus luathuimhearthachta (TLLDC/TLUDC), a úsáidtear ag deireadh na Naíonán Mór (NM) agus/nó ag tús Rang a hAon (R1). Is iad na cuspóirí atá ag na trialacha seo ná leanaí, ar dócha go bhfuil baol ann go bhfuil deacrachtaí litearthachta agus/nó uimhearthachta acu, a aithint (ag baint úsáid as leabhrán trialach a riartar i ngrúpaí ar dtús) agus na gnéithe áirithe litearthachta/uimhearthachta a chruthaíonn dúshláin ar leith a phróifíliú (ag baint úsáid as measúnú indibhidiúil a thagann ina dhiaidh).

Is é seo an chéad uair riamh atá trialacha luathlitearthachta agus luathuimhearthachta á bhforbairt as Gaeilge ar mhaithe le páistí i ngach cineál oideachais trí mheán na Gaeilge a mheasúnú. Ba mhaith leis an FTO cuireadh a thabhairt do mhúinteoirí bunscoile feidhmiú mar shaineolaithe teanga agus comhairle a thabhairt ar an ábhar don Triail Bhailíochtaithe a bheidh i gceist do na trialacha seo i 2026/2027. Déanfar an comhairliúchán seo ar bhonn deonach. Is deis í seo do mhúinteoirí a bhfuil taithí mhúinteoireachta acu i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta agus a bhfuil suim áirithe acu san oideachas litearthachta agus uimhearthachta trí mheán na Gaeilge. Ba mhaith leis an FTO iarrthóirí a fháil ó chineálacha éagsúla scoileanna ar fud na tíre (m.sh., Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, scoileanna DEIS agus scoileanna nach scoileanna DEIS iad, scoileanna measctha agus scoileanna aonghnéis) le cinntiú go dtagann an t-aiseolas ó réimse leathan comhthéacsanna.

Cuirfear ceist ort athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar luathlitearthachta agus luathuimhearthachta don Triail Bhailíochtaithe agus an leibhéal deacrachta agus oiriúnachta don aoisghrúpa cuí a mheas sula nglacfaidh tú páirt sa seisiúin comhairliúcháin. Glacfaidh tú páirt ansin i gcruinniú, a mhairfidh 2 uair an chloig, le taighdeoirí de chuid an FTO leis an ábhar trialach a phlé agus le comhairle nó moltaí ar bith a roinnt. Ba chóir go mbeadh iarrthóirí ar an eolas go ndéanfar taifead ar an gcruinniú seo, ar mhaithe le taifead sonraí, agus go gcuirfidh muid ceist ar bhaill an chruinnithe na ceamaraí a chur ar siúl, ar mhaithe le plé a éascú.

Tabhair faoi deara, le do thoil: Mar gheall ar an gcineál gníomhaíochta a bheidh i gceist, roghnófar líon teoranta iarrthóirí ionas go mbeidh plé dírithe agus torthúil againn. Roghnófar iarrthóirí incháilithe ionas go mbeidh ionadaíocht leathan ann ó réimsí éagsúla suntasacha i.e., taithí/blianta caite ag múineadh,  róil mhúinteoireachta, cineálacha scoileanna agus canúintí.

Déanfar an t-aiseolas ón seisiún comhairliúcháin a anaithnidiú – ní scaoilfí/scaipfí le heolas inaitheanta pearsanta ar bith amach anseo agus ní bheifí in ann sainaithint a dhéanamh ort ón méid a chuirfeá leis an gcomhairliúchán. .Úsáidfear do chuid aiseolais le míreanna trialacha a leasú, a roghnú agus a bhaint ón triail. Tá seans ann go n-úsáidfear agus go scaipfear an t-aiseolas amach anseo, mar chur i láthair comhdhála, alt irise piarmheasúnaithe srl.

Critéir Cháilitheachta

  • Gaeilge líofa
  • Taithí ag múineadh NM/R1 nó mar MOS trí mheán na Gaeilge (i nGaelscoil nó i scoil Ghaeltachta)
  • Suim sa luathlitearthacht agus/nó sa luathuimhearthacht
  • Fáil ort idir an 30 Márta agus 2 Aibreán le freastal ar chruinniú ar líne le taighdeoirí de chuid an FTO

Riachtanais an Iarratais

  • Foirm iarratais chomhlánaithe

Spriocdháta don Iarratas: 5:00i.n. 6ú Márta

Modh Iarratais: Comhlánaigh an fhoirm iarratais ag an nasc seo.

Cuireann muid fáilte roimh spéis ó iarrthóirí tiomanta agus cáilithe agus tá muid ag súil go mór le d’ iarratas a fháil. Má tá ceisteanna nó ábhar imní ar bith agat, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig earlylitnum@erc.ie.

 

Le gach dea-ghuí,

Foras Taighde ar Oideachas