(CCS le haghaidh taighde neamhspleách ar shonraí oideachas)
Ón the Department of Education
Foilsithe ar an 29 Lúnasa 2023
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ón 29 Lúnasa 2023
Dáta deiridh d’aighneachtaí ar an 26 Meán Fómhair 2023
Fógra Comhairliúcháin Phoiblí
Arna fhoilsiú ar an lá seo 29-08-2023
Tá sé beartaithe ag an Foras Taighde ar Oideachas Comhaontú Comhroinnte Sonraí a dhéanamh faoin Acht um Chomhroinnt Sonraí agus Rialachais 2019.
Beidh an comhaontú molta, Comhaontú Comhroinnte Sonraí idir an Roinn Oideachais agus an FTO chun cur ar chumas an FTO taighde neamhspleách a dhéanamh ar gach gné den oideachas agus ar gach leibhéal den chóras oideachais lena n-áirítear taighde oideachais a bheidh mar bhonn eolais le déanamh beartais agus le feabhsú na gcaighdeán oideachais, ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí ag https://www.gov.ie/consultations/DSA/ ar feadh tréimhse 28 lá, ó 29-08-2023 go 26-09-2023.
Tugtar cuireadh don phobal aighneachtaí a dhéanamh ar ríomhphost chuig consultations.dsa@per.gov.ie. Ní mór go mbeadh ainm iomlán an Comhaontú Comhroinnte Sonraí “DOEERC 020/230803 CCS le haghaidh taighde neamhspleách ar shonraí oideachas” a bheith san áireamh i líne ábhair do ríomhphoist. Ní ghlacfar ach le haighneachtaí a dhéantar chuig an seoladh ríomhphoist seo.
Nuair a bheidh an tréimhse comhairliúcháin phoiblí caite ní ghlacfar le haighneachtaí.
Is iad na doiciméid tagartha:
- Comhaontú Comhroinnte Sonraí idir an RO agus an FTO chun cur ar chumas an FTO taighde neamhspleách a dhéanamh ar gach gné den oideachas agus ar gach leibhéal den chóras oideachais lena n-áirítear taighde oideachais a bheidh mar bhonn eolais le déanamh beartais agus le feabhsú na gcaighdeán oideachai <download>