Measúnú ar an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta

Forléargas

Eascraíonn an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta as an bPolalasaí ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022 (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2016), atá bunaithe ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 (Rialtas na hÉireann, 2010).  Is é príomhchuspóir an Pholasaí ná oideachas ar ardchaighdeán agus ábharach trí mheán na Gaeilge a sholáthar do dhaoine óga i scoileanna Gaeltachta, agus, sa tslí sin, tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’úsáid na Gaeilge i bpobail na Gaeltachta.  I measc chuspóirí an Pholasaí, tá:

  • Tacaíocht a sholáthar agus feabhas a chur ar cháilíocht an teagaisc trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta agus suíomhanna luathbhlianta, sa chaoi is go mbeidh an teagasc trí Ghaeilge mar chéad rogha ag na tuismitheoirí ar fud na limistéar Gaeltachta
  • Tacú le soláthar oideachais chuí trí mheán na Gaeilge do pháistí agus daoine óga atá á dtógáil le Gaeilge
  • An nuálaíocht agus barr feabhais a chothú i soláthar an oideachais trí mheán na Gaeilge.

Faoin bPolasaí, is féidir le scoileanna atá lonnaithe i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta spéis a léiriú chun páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Chun aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta, beidh ar scoileanna feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge (seachas an curaclam don Bhéarla agus teangacha eile) mar atá leagtha amach i gcritéir theanga-bhunaithe an Pholasaí. Tugann an t-Aonad Oideachais Gaeltachta sa Roinn Oideachais agus Scileanna tacaíocht do scoileanna ina n-iarrachtaí aitheantas mar scoileanna Gaeltachta a bhaint amach.  Gné ar leith den scéim ná an cur chuige lánthumoideachais sna ranganna naíonáin sna bunscoileanna, áit a bhfuil an Ghaeilge mar an taon mheán teagaisc.

Tá an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) ag comhoibriú leis an t-Aonad Oideachais Gaeltachta chun meastóireacht ilbhliantúil ar an Scéim  a chur i bhfeidhm. Thosaigh an obair seo ag tús 2018. Tá 105 bunscoil  agus 29 iarbhunscoil rannpháirteach sa Scéim. Cuireann an Coiste Comhairleach um Polasaí Gaeltachta, atá faoi chathaoirleacht na Roinne Oideachais agus Scileanna, comhairle ar fáil don Aonad, agus, dá bhrí sin, don mheastóireacht.

Dearadh an Staidéir

Is staidéar fadaimseartha atá i gceist a bhaineann úsáid as modhanna measctha: ceistneoirí suirbhé, measúnú, agus cás-staidéir. Is iad na trialacha atá le riar ná ionstraimí reatha (iarbhunscoileanna) agus trialacha nua (bunscoileanna), lena n-áirítear trialacha labhartha agus éisteachta. Imlíne:

  • 2019: Bailiú sonraí suirbhé bonnlíne, grúpaí fócais bonnlíne do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí, forbairt trialacha
  • 2020: Bailiúsonraísuirbhéfadaimseartha, tástail i Rang a hAon agus Rang a Sé (bunscoileanna) agus sa Triú Bhliain (iar-bhunscoileanna)
  • 2021: Bailiúsonraísuirbhéfadaimseartha
  • 2022: Bailiúsonraísuirbhéfadaimseartha, tástáil i Rang a hAon agus Rang a Sé agus sa Tríú Bhliain, grúpaí fócais do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí.

Gníomhaíochtaí 2019

  • R2-R3 2019: suirbhé (ceistneoirí páipéir-bhunaithe) do phríomhoidí, múinteoirí ranga, múinteoirí riachtanais speisialta agus múinteoirí tacaíochta teanga sna bunscoileanna (tonn 1)
  • R4 2019: fócas grúpaí le múinteoirí agus tuismitheoirí i 12 bhunscoil agus 7 iar-bhunscoil cás-staidéir (tonn 1)
  • R3-4 2019: forbairt Trialacha Luathlitearthachta (Rang 1), Éisteachta (Rang 6) agus Chainte (Ranganna 1 & 6).

Gníomhachtaí 2020-2021

R1-R2 2020

  • Píolótú Trialacha Luathlitearthachta (Rang 1), Chainte (Ranganna 1 & 6) agus Éisteachta (Rang 6)
  • Suirbhé (ceistneoirí ar líne) a riar ar phríomhoidí, múinteoirí na Gaeilge, múinteoirí na n-ábhar eile, múinteoirí riachtanais speisialta agus múinteoirí tacaíochta teanga sna h-iarbhunscoileanna sa Scéim (tonn 1)
  • Gníomhachtaí eile a bhí le cur i bhfeidhm sna scoileanna in R2 curtha ar ceal go dtí R3-R4, 2020 de bharr phaindéim an ghalair Covid-19.

R3-R4  2020

  • Caighdeánú Trialacha Luathlitearthachta (Rang 1), Chainte (Ranganna 1 & 6), agus Éisteachta (Rang 6) (tonn 1)
  • Suirbhé (ceistneoirí páipéir-bhunaithe) a riar ar dhaltaí Ranganna 1 agus 6, agus ar a dtuismitheoirí (tonn 1)
  • Riaradh Triail Dhroim Conrach don Léitheoireacht Ghaeilge (sa Triú Bliain) (tonn 1)
  • Suirbhé (ceistneoirí ar líne) a riar ar scoláirí sa Tríú Bliain agus a dtuismitheoirí  (tonn 1)
  • Suirbhé (ceistneoirí páipéar-bunaithe) a riar ar mhúinteoirí sna bunscoileanna (tonn 2)
  • Riaradh Triail TEG sa Triú Bhliain sna h-iarbhunscoileanna (tonn 1).

R1-R2 2021

  • Suirbhé (ceistneoirí páipéir-bhunaithe) a riar ar phríomhoidí agus ar mhúinteoirí sna bunscoileanna (tonn 3)
  • Suirbhé (ceistneoirí ar líne) a riar ar phríomhoidí, agus ar mhúinteoirí sna h-iar-bhunscoileanna (tonn 2).

R3-R4 2021

  • Fócas grúpaí le múinteoirí agus tuismitheoirí i 12 bhunscoil agus 7 iarbhunscoil cás-staidéir (tonn 2).

Bunspriocanna Inghnóthaithe

R2 2020

  • Tuairisc chomhpháirteach leis an gCigireacht ar chur i bhfeidhm na Scéime i 2019. Beidh an tuarascáil bunaithe ar an sonraí as eascraíonn as na grúpaí fócais i 12 bhunscoil agus 7 iarbhunscoil cás-staidéir, torthaí na ndaltaí ar na trialacha caighdeánaithe sa Ghaeilge a riar na bunscoileanna i mBealtaine-Meitheamh 2019, agus torthaí na scoláirí ar na scrúdaithe stáit sa Ghaeilge agus in ábhair eile i 2019.
  • Tuairisc ón FTO bunaithe ar na ceistneoirí a dháileadh ar phríomhoide agus ar mhúinteoirí bunscoile i 2019.

R2 2021

  • Tuairisc ón FTO ar chur i bhfeidhm na Scéime i 2020 bunaithe ar na sonraí a bhailíodh sa bhliain sin: suirbhé a dháileadh ar phríomhoidí agus ar mhúinteoirí i mbunscoileanna (tonn 2); ceistneoirí a dháileadh ar dhaltaí i Ranganna a hAon agus a Sé i mbunscoileanna agus ar a dtuismitheoirí; ceistneoirí a dháileadh ar scoláirí sa Tríú Bhliain sna hiarbhunscoileanna agus ar a dtuismitheoirí; agus torthaí na dtrialacha a dháileadh i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna i 2020.

Naisc:    An Roinn Oideachais agus Scileanna – Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22

An t-Aonad Um Oideachas Gaeltachta