Triail Ghaeilge Dhroim Conrach do Bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge (TGD-G)
Is triail chaighdeánach ar ghnóthachtáil sa Ghaeilge í anTGD-G ar féidir í a riar ar ghrúpaí. Tá ábhar na trialach bunaithe ar Churaclam na Bunscoile, Gaeilge (ROE/CNCM, 1999). Triail í seo do dhaltaí i mbunscoileanna Gaeltachtaagus lán-Ghaeilge.
Is í seo an chéad uair a cuireadh triail ar fáil bunaithe ar na caighdeáin atá sna bunscoileanna sin amháin a mbíonn an Ghaeilge mar mheán teagaisc agus foghlama acu. Dá bhrí sin ní bhaineann na noirm ach le daltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Deineadh TGD-G a chaighdéanú ar shampla Náisiúnta ionadaíoch de 13,000 dalta i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Ceithre leibhéal atá sa triail TGD-G agus iad seo ag freastal ar dhaltaí ó ranganna na Naíonán Sinsir go dtí Rang a Sé. Tá dhá fhoirm (Foirmeacha A agus B) ar fáil don triail ag gach leibhéal. Is féidir na trialacha seo a riar ag tús na bliana nó ag deireadh na bliana toisc go bhfuil fáil ar noirm don dá thréimhse sin. Tógann sé idir 90 noiméad (Leibhéal 1) go 2 uair 20 noiméad (Leibhéal 4) chun an trial a riar. Is féidir riaradh na trialach a roinnt thar dhá lá.
Déanann an triail seo cur síos ar chumas an dalta sa léitheoireacht agus san éisteacht, agus, i gcás Leibhéal 4, sa litriú (scríobh) chomh maith. Cuirtear amhscóir, scóir chaighdeánacha, scoir sten, agus scóir pheircintíle ar fail.
Go luath i 2012, beidh úsáideoirí na trialach in ann clár ríomhaire scórála a cheannach. Tabharfaidh an clár seo tachaíocht le scórál na trialach agus déanfar tuairiscí a sholáthar go leictreonach.
Achoirme ar ghnéithe den TGD-G
Leibhéal |
Sprioc ranganna |
Foirmeacha comhtheomhara? |
Riaradh ilghráid? |
Noirm don Earrach & don Fhómhar? |
Scála tras-trialach? |
Am de dhith |
1 | N. Shin (Deireadh) R1 (Tús) |
✔ | ✘ | ✔ | ✘ | 90 nóim |
2 | R1 (Deireadh) R2 (Tús & Deireadh) R3 (Tús) |
✔ |
Fómhar (R2 & R3) Earrach (R1 & R2) |
✔ |
✘ |
115 nóim |
3 | R3 (Deireadh) R4 (Tús & Deireadh) R5 (Tús) |
✔ |
Fómhar (R4 & R5) Earrach (R3 & R4) |
✔ |
✘ |
120 nóim |
4 | R5 (Deireadh) R6 (Tús & Deireadh) |
✔ |
Earrach (R5 & R6) | ✔ |
✘ | 140 nóim |
Triail Ghaielge Dhroim Conrach do Bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge –Nóta do Thuismitheoirí
Drumcondra Irish Test for Gaeltacht Schools and Gaelscoileanna – Note to Parents